Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 3 Bealtaine 2026 - Sliabh gCuilinn

1/5/2026

 
Nóta - Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30 r.n.
Siúlóid sléibhe mheánach:  Lúb Shliabh gCuilinn (Slieve Gullion), Contae Ard Mhacha - An Carn Theas, Loch na Caillí Béara, Tobar Naomh Bláthnaid.
Fad na siúlóide - 15 km, Dreapadh  - 550 m, Timpeall  4.5 uair an chloig ag siúl.
​

Picture
Tús na siúlóide: Slieve Gullion Forest Park - 1.7 km thiar ó dheas ón Mhaigh (Meigh).
Tagairt eangaí: J 043 191 nó N54.1159, W6.4083.
Bí ann roimh 10:15 r.n. Tosóimid ag siúl ag 10:30 r.n.
​

Treoraí:  Deaglán 

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Tóg bealach amach 20 ar an M1, agus téigh 3.7km ar bhóthar Lower Foughill Road go dtí an Mhaigh (Meigh). Cas ar chlé ag Murphy’s agus sroichfidh tú geata Slieve Gullion Forest Park ar an taobh deas tar éis 1.7km. Lean an bóthar seo ar feadh 800m go dtí an carrchlós. Tá táille £5 don gluaisteán.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide

Trealamh agus Feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.

Neamhbhaill: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 30 Aibreán 2026 - Maigh Nuad

21/4/2026

 
Picture
A chairde, chun tús a chur lenár gclár siúlóidí samhraidh i mbliana beidh turas againn ar bhaile stairiúil Mhaigh Nuad, agus ar an gceantar máguaird. Seo iad na sonraí.

Bealach na Siúlóide  Maigh Nuad  - An Chanáil Ríoga - Teach Carton - Maigh Nuad.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a' chloig

Teacht le chéile - Stáisiún Traenach Mhaigh Nuad ag 6.30 i.n.
Treoraí - Brian  

Beidh deoch againn i ndiaidh na siúlóide
Ar ndóigh ní bheidh aon ghá le buatais ná le trealamh sléibhe ar an tsiúlóid seo.
Fáilte Roimh Chách


Siúl Linn an Samhradh Seo

Siúlóid Sléibhe Éasca - Dé Céadaoin, 29 Aibreán 2026 - Club Thine Ifrinn

19/4/2026

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:00 r.n.
Siúlóid Sléibhe Éasca: An Chraobhach, Club Thine Ifrinn, Coillte Massy.
Fad na siúlóide  - 10.0 km, Dreapadh - 400 m, 3 uair an chloig ag siúl.
Beimid ag siúl ar chosáin mhaithe den chuid is mó.
​

Picture
Tús na siúlóide: Carrchlós na Craobhaí (Cruagh Car Park) 
Tagairt eangaí - O128 226 nó N53.2420, W6.31166
Bí ann ag 9:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:00 r.n.

Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected] nó le Seán.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath -  Cas ar dheis ar an R115 (Bóthar Shruthán Liam - Willbrook Road) ag an teach tábhairne Yellow House i Ráth Fearnáin. Tar éis 6.5 km ag an T-acomhal, cas ar dheis ar Bhóthar na Craobhaí. Sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh clé tar éis 1 km. 
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill:
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 19 Aibreán 2026 - Cros Airt

10/4/2026

 
​Nóta - Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30 r.n.
-----------------
Siúlóid Sléibhe: Na Trí Loch, Cros Airt, Loch Feirbe agus Leac Airt.
Fad na siúlóide: 12 km, Dreapadh: 470 m
5 - 5.5 uair an chloig ag siúl.
Beidh an talamh an-fhliuch in áiteanna. Is cosáin fhianna de chuid is mó a bheidh le leanúint.
B'fhiú go mór loirgneáin a chaitheamh má bhíonn siad agat.
​

Picture
Tús na siúlóide:  Láthair páirceála ag deireadh an L8350.
Tagairt Eangaí - O 020 014 nó N53.05395, W6.47913
NB – Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10.30 r.n.

Treoraí: Pádraig
Nóta: Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil go dtí tús na siúlóide, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide: 
Lean an N81 amach as an gcathair trí cheantar Thamhlachta, ar aghaidh trí Bhaile Coimín chomh fada le Cillín Chaoimhín (Hollywood). Cas ar chlé le haghaidh Cillín Chaoimhín ag staisiún peitril Circle K, Daly's. Lean an R756 ar feadh 5km, cas ar dheis don L8350 (casann an príomhbhóthar ar chlé agus leanann an L8350 díreach ar aghaidh ach ní mór duit slí a ghéilleadh!). Lean an L8350 ar feadh 5km, bóithrín atá ann i ndáiríre. Tiocfaidh tú chuig droichead le ráillí miotail, tosaíonn bóithrín gairbhéil ag an bpointe sin agus tiomáineann tú taobh le cróite feirme. Coinnigh ort ar an mbóithrín gairbhéil ar feadh 700m. Tá láthair páirceála ar dheis ag an deireadh. 

Nó lean an nasc seo chun treoracha ó Chillín Chaoimhín go tús na siúlóide a leanúint:
​ https://maps.app.goo.gl/bGfnXeJMAHPWd4G19

Trealamh agus Feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.


Neamhbhaill: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Threoraithe - Dé Sathairn, 18 Aibreán 2026 - Duga Spencer

8/4/2026

 
Siúlóid Oidhreachta: Duga Spencer, Ceantar na nDugaí Bhaile Átha Cliath.
Dáta/am: Dé Sathairn, 18 Aibreán 2026 ag 11:00 r.n.
Fad/am: Thart ar 2km nó uair go leith.
Teacht le chéile:
 An pháirc bheag phoiblí in aice le stad Luas Dhuga Spencer, BÁC 3.
​
Picture
An tSiúlóid: 
Is turas treoraithe neamhfhoirmiúil, trí mheán na Gaeilge, é seo timpeall cheantar Dhuga Spencer agus na nDugaí Thoir.

Déanfaidh an t-ailtire, Breandán Mac Aodha Bhuí, iniúchadh ar an gceantar ó thaobh oidhreachta, ailtireachta agus innealtóireachta de. 
​
Cuirfear tús leis an tsiúlóid ag stad Luas Dhuga Spencer, agus ansin leanfar ar aghaidh go dtí an Chanáil Ríoga agus cois Life, sula gcuirfear deireadh leis ag an ‘bhFostáisiún’ ar Bhóthar an Phoirt Thoir, atá ina iarsmalann anois.

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 5 Aibreán 2026 - Doire Bán

30/3/2026

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Leac Chuimhneacháin Shay Elliot, Sliabh na Cuileanntraí, Sliabh an Doire Bháin.
Fad na siúlóide: 11km
3 - 3.5 uair an chloig ag siúl.

​
Picture
Tús na siúlóide:  Carrchlós ag leac chuimhneacháin Shay Elliot ar an mbóthar idir An Láithreach agus Gleann Molúra.
Tagairt Eangaí - N 130 923 nó N52.9693, W6.3191
NB – Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Dáithí 
Nóta: Chun tuilleadh eolais a fháil nó síob go dtí tús na siúlóide, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh, cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra ag an gcomhartha bóthair. Tar éis 6 km sroichfidh tú carrchlós Shay Elliott ag an bpointe is airde ar an mbóthar.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide

Trealamh agus Feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.

<<Previous
Forward>>
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly