Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Turas Siúil sa Spáinn 2025
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Slí Naomh Lorcán - Dé Sathairn, 15 Meitheamh 2024

11/6/2024

 
Picture
Slí Naomh Lorcán - Siúlóid Sléibhe Oilithreachta

Teacht le chéile: Carrchlós poiblí (gar do na Woollen Mills) sa Láithreach ag 8:45 r.n. go cruinn, chun taisteal ar an mbus ag 9:00 r.n. go cruinn.
Tagairt eangaí – T 142 960  nó N53.0025, W6.2998

Beidh costas bus €10 ar gach duine, airgead tirim amháin.
Beidh turas bus thart ar 36km (50 nóiméad) chuig tús na siúlóide.

Tús na siúlóide:     Carrchlós an Chnoicín i nGleann Ó Máil, Tosóimid ag siúl ag 10:00 

N.B: Beidh ar gach duine taisteal ar an mbus ón Láithreach. Beidh an bus curtha in áirithe ag Na Cnocadóirí, is siúlóid líneach í. Ní bheimid ag filleadh ar thús na siúlóide .

Fad:     Thart ar 23 km, 7 n-uair an chloig ag siúl,
Dreapadh:     Thart ar 750 méadar ag dreapadh, 825 mhéadar le fána.

Deireadh na siúlóide Oilithreachta: Mainistir an tSlánaitheora, Gleann Dá Loch.
Deireadh na siúlóide: Carrchlós poiblí sa Láithreach. Thart ar 17:00.
Mholfaí dhá stad a bheith againn, le haghaidh lóin luath agus cupán tae agus rud beag ag tráthnóna.

Treoraí : Breandán
Má bhíonn tú ag teacht ar an tsiúlóid cuir post chugainn, le bheith cinnte go mbeidh go leor spáis ar an mbus.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Ní mór go mbeadh gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus Feisteas
---------------------------------------------------------------------------------

Seo cur síos beag ar Naomh Lorcán

Seo iarracht ar siúlóid oilithreachta, chun naoi gcéad bliain ó rugadh Naomh Lorcán Ua Tuathail a chomóradh. 
Rugadh Lorcán Ua Tuathail i Mullach Raoileann, gar do Dhíseart Diarmada i gCill Dara i 1128. Chaith sé dhá bhliain nuair a bhí sé ina ghasúr mar ghiall do Rí Laighean, Diarmaid Mac Murchada.
Deirtear go raibh sé i nGleann Ó Máil mar ghiall. Tá dhá thagairt do Lorcán fós sa cheantar sin i láthair na huaire. Tá gort mór darbh ainm ‘St. Laurence’s Field’ sa chéad eagrán de léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis ó na 1840dí, agus tá ballán ar a dtugtar ‘Handprint of St. Laurence O’Toole’ sa Ghleann. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ón gceantar sin.
Scaoileadh Lorcán ó bheith ina ghiall i mainistir Ghleann Dá Loch, agus é ina bhuachaill dhá bhliain déag d'aois. Roghnaigh Lorcán fánacht ansin agus oiliúint a fháil mar mhanach. Chaith Lorcán breis le trí bliana déag mar mhanach i nGleann Dá Loch, sular toghadh ina ab é, agus é cúig bliana agus fiche d’aois, an t-ab is óige riamh ansin. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, i 1156, bhí Lorcán ina easpag ar Ghleann Dá Loch.
Is ag iarsmaí na mainistreach sin a chríochnófar an tsiúlóid, ag Mainistir an tSlánaitheora, prióireacht Agaistíneach a bhunaigh Lorcán.


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly