Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Eolas faoin gClub

Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
Turais in Éirinn agus thar lear.
Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
Fáilte mhór roimh dhaoine nua.


​Bunaíodh Na Cnocadóirí in 2003 chun gníomhaíochtaí cnocadóireachta trí Ghaeilge a chur chun cinn. 
Is í an Ghaeilge teanga labhartha an Chlub. Fáiltímid roimh chomhaltaí nua a bhíonn toilteanach Gaeilge a labhairt.   Léigh tuilleadh eolais faoi chuspóirí agus rialacha an chlub sa Bhunreacht.

Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 
​
Tá an club ina bhall de Shléibhteoireacht Éireann (SÉ) (Mountaineering Ireland (MI)) an eagraíocht ionadaíochta do shiúlóirí agus dreapadóirí in Éirinn.

An Coiste

Toghtar na hoifigigh ag an gCruinniú Cinn Bhliana.  Is iad baill an choiste 2026/27: 
An Cathaoirleach:  Deaglán Ó Néill
An Cisteoir: Brian Tubbert
An Rúnaí agus Comhordaitheoir Siúlóidí : Seán Ó Fearghail
Oifigeach Gaeilge: Anna Ní Mhonacháin
Comhaltaí: Eibhlín Ní Shéamair, Daithí Butler, Derval Duggan

Na Baill

Bíonn idir fhir agus mhná, chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí, dhaoine atá ag siúl na sléibhte le blianta agus dhaoine nár thosaigh ag siúl go dtí le déanaí páirteach sna siúlóidí agus sna himeachtaí. 

Eolas tábhachtach do chuairteoirí nua

  • Léigh an t-eolas mar gheall ar an trealamh agus an feisteas riachtanach a bheidh ag teastáil uait.
  • Ná dearmad gur spórt dainséarach í an chnocadóireacht agus gur ort féin atá an fhreagracht agus tú á déanamh! Caithfidh daoine a bheith réasúnta aclaí freisin. 
  • Is í an Ghaeilge teanga labhartha agus chumarsáide an chlub. 
  • Toileoidh siúlóirí a bheith freagrach as a gcuid gníomhartha féin agus as a n-iompar féin.
  • Aon duine a bhfuil fadhb shláinte aige/aici, ní mór dó/di é sin a chur in iúl don treoraí roimh thús gach siúlóide.

Má tá suim agat teacht ar cheann de na siúlóidí linn, agus páirt a ghlacadh sa chlub, féach ar an leathanach ar a bhfuil eolas faoi chúrsaí ballraíochta, agus ansin déan teagmháil linn.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly