Brúigh ar aon imeacht sa liosta seo chun tuilleadh eolais a fháil.
Siúlóid Sléibhe Measartha Éasca: Tigh an Tearmainn, Round Hill, Maoilín Fad: 11.7 km, Dreapadh: 550m, 3.5 huaire an chloig ag siúl. Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn. Nó Tús na siúlóide: Carrchlós Thigh an Tearmainn (Trooperstown) (Tagairt eangaí – T 157 968 nó 53.01118, W6.27423). Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. Treoraí: Deaglán Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath – Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg. Cas ar dheis ar an R755 go dtí An Tóchar agus Áth na mBó. Cas ar clé 2.7 km tar éis Áth na mBó (nó 2 km roimh an Láithreach) ag Trooperstown Wood Lodge. Tá an carrchlós 450 m síos an bóthairín sin ar chlé. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide. Trealamh agus Feisteas Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas Beidh Dinnéar na Nollag againn ar an mbád ar an Life. Áit: MV Cill Áirne, Cé an Phoirt Thuaidh, Cé 16, BÁC 1, D01 XE03. Os Comhair an Ionaid Chomhdhála Am: 6:00 i.n. Dé Sathairn, 14 Nollaig 2024 Ach má bhíonn tú ann ó 5:30 ar aghaidh beidh deis agat deoch a fháil. Praghas: 60 Euro, agus seirbhís san áireamh. Beidh fáilte romhat bheith linn. Má bhíonn suim agat teacht, bheimis buíoch dá bhféadfá an 60 Euro a íoc go luath, ach roimh 2 Nollaig 2024. Is é an bealach is éasca chun íoc as an dinnéar ná íocaíocht leictreonach a dhéanamh díreach isteach i gcuntas an Chlub. NÁ DÉAN DEARMAD D’AINM A CHUR LEIS AN ÍOCAÍOCHT. Ansin cuir ríomhphost chuig [email protected] chun a chur in iúl go bhfuil an íocaíocht déanta agat. Má bhíonn deacrachtaí agat íocaíocht a dhéanamh ar líne, nó mura mbíonn sonraí an chuntais agat, téigh i dteagmháil linn ag [email protected]. Tar éis an dinnéir, má bhíonn fonn ar dhaoine, beimid in ann fanúint ar an mbád ag ól. Beidh oíche chártaí againn an Déardaoin 5 Nollaig 2024.
Óstán Buswell, Sráid Theach Laighean - Molesworth St, ó 7:30pm ar aghaidh. Cluiche Cártaí 25 a imrímid i gcónaí. Mura mbíonn an cluiche ar eolas agat míneofar na rialacha duit. Go raibh tú ann agus go mbaine tú taitneamh as an gcomhluadar 0 Comments Siúlóid Sléibhe Mheánach: Cnoc na Buaile, Coire Breac, An Leamhaigh Bhán, Bearna an Chaomhánaigh (Knocknaboley, Corriebracks, Lobawn, Cavanagh's Gap). Fad: 12.5 km, Dreapadh: 550m. 4.5 huaire an chloig. Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html) Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn. Nó Tús na siúlóide: Carrchlós ag Cnoc na Buaile i nGleann Abhainn an Rí (Tagairt eangaí – N 977 011 nó 53.0520, W6.5443). Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. Lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide. Treoraí: Seán Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath – Gabh an N81 trí Bhaile Coimín (Blessington) agus ar aghaidh. Cas ar chlé ag Cillín Chaoimhín (Hollywood) agus lean an R756. Cas ar dheis ar bhóthar beag L8349 (ag N 970 036 nó N53.07457, W6.55378, 1km roimh an droichead). Sroichfidh tú an carrchlós tar éis 3 km ar an taobh deas i lár na coille. TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas Siúlóid Sléibhe Éasca: The GAP (Glencullen Adventure Park ), Slí Sléibhe BhÁC, Binn Trí Charraig, Binn Dá Charraig, The GAP. Fad: 8.5km, Dreapadh: 275m, 3 uair an chloig ag siúl. Tús na Siúlóide: - Carrchlós ag The GAP (Páirc Eachtraíochta Gleann Cuilinn - Glencullen Adventure Park) Tagairt eangaí O 187 206 nó N53.2228 W6.2236 Bí ann ag 10.45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00r.n. An treo: - Ón gcathair tóg an R117 trí Raghnallach, Baile an Mhuilinn, Dún Droma, Áth an Ghainimh, An Chéim go dtí Cill Tiarnáin. Díreach i ndiaidh an tséipéil (dath gorm air) cas ar dheis ar an R116. Lean ar aghaidh go dtí Gleann Cuilinn. Téigh díreach tríd an gcrosbhóthar (Johnnie Fox's Pub) agus i gcionn 200m feicfidh tú fógra "The GAP" ar dheis. Téigh isteach ansin agus tar éis 150m tá an carrchlós (costas €2 ar an slí amach) Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide. Treoraí: - Brian Nóta: - Má tá síob á lorg nó tuilleadh eolas uait téigh i dteagmháil linn Trealamh agus Feisteas Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas |
Eolas fúinnClub siúl sléibhe trí Gaeilge. Aimsigh ar an suíomh |