EOLAS FAOIN gCLUB
SIÚLÓIDÍ AGUS IMEACHTAÍ
Siúlóidí
Imeachtaí
Treoracha
Trealamh & Feisteas
Grianghraif
Eolas eile

Ar an 07/01/10 a rinneadh an nuashonrú ba dhéanaí ar an leathanach seo

Ar ais go barr an leathnaigh                  An Príomhleathanach                   Déan teagmháil linn
 

FÓGRAÍ
Déan teagmháil linn
Déan teamháil linn
Déan teagmháil linn
Lógó na gCnocadóirí

FÉILIRE
Cliceáil ar na dátaí daite
Treoracha

Ar an leathanach seo ..... cliceáil ar an eolas atá uait sa liosta thíos
Ag teacht ón gcathair - áit chruinnithe ar Shráid Mhic Liam
Comh-úsáid carranna - do dhaoine ar mian leo síob a thabhairt nó a fháil.
Dul díreach go tús na siúlóide - do dhaoine nár mhaith leo teacht go lár na cathrach


Dóibh siúd a bhíonn ag teacht ón gcathair, is iondúil go mbuailimid le chéile lasmuigh d'oifigí Bhord Soláthair an Leictreachais (BSL) ar Shráid Mhic Liam Íochtarach. Féach an léarscáil thíos.  

Fágaimid na hoifigí ag 10.30 a.m.
























Comh-úsáid carranna
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.


Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. I gcás turais go háit níos faide ó bhaile ná Cill Mhantáin, ní mór síntiús níos mó a thabhairt.

Níl sé i gceist go ndéanfadh tiománaí brabús as an síntiús. Cuimhnigh go bhfuil seirbhís an-mhaith á cur ar fáil acu siúd a thagann go rialta go dtí an láthair chruinnithe i lár na cathrach.  Trí chleachtas mar seo a bheith againn, seachnaíonn sé an gá go mbeadh ar an tiománaí síntiús a lorg.

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

Níor mhaith leat teacht go lár na cathrach?
Níl dochar ann! Is féidir leat bualadh linn ag tús na siúlóide chomh maith. Bíonn eolas faoin ionad tosaithe sa liosta siúlóidí agus scaiptear treoracha níos  cruinne ar an ríomhphost an tseachtain roimh an tsiúlóid. Tosaíonn gach siúlóid ag 11.45 a.m.

Más mian leat d'ainm a chur ar a liosta chun ríomhphoist faoi na sonraí a fháil uainn go rialta déan teagmháil linn.

Méadaigh an léarscáil