Amhrán - Na Cnocadóirí
Seo amhrán a chum Fionnbharr Mac Domhnaill chun breithlá an Chlub a cheiliúradh, atá ar an saol anois le 20 bliain ó mhí Mheán Fómhair 20003
Amhrán Na Cnocadóirí – Fiche Bliain ag Fás
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Bhuel, Tharla rud iontach in dhá mhíle ‘s a trí,
Bhí siúlóirí dubh dóite le Béarla an Rí,
Is bunaíodh club nua, Na Cnocadóirí.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Go dtí sin, bhí Béarla ann ó mhaidin go h-oíche,
Do Ghaeilgeoirí, bhí muid cráite sa chroí,
Ins na laethanta roimh Na Cnocadóirí.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Bhí réabhlóid ag teastáil sa saol mar a bhí,
Bhí fir agus mná lán le crógacht is croí,
Is do bhunaigh siad siúd Na Cnocadóirí.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Bhí Seán agus Aengus is Rory, dar fia,
Bhí Anna Ní M agus Emer Ní B,
Is Bláithín is Don agus sin mar a bhí.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Bhí neart oibre i gceist, gan amhras ar bith,
Ach má saolaíodh an club in dhá mhíle ‘s a trí,
Tá sé fós ar an bhfód lán le fuinnimh is spraoi.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Tá gach binn i gCill Mhantáin siúlta le brí,
Suas Tóin Dubh agus síos Tóin le Gaoth,
Agus cúpla tóin nimhneach ag sleamhain ar an scree!
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Nach deas ‘ bheith ag siúl gan imní ar bith,
Le tírdhreach álainn, dúlra ‘s éanlaith,
Faigheann tú ann faoiseamh anama is croí.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Tá an nádúr go deas, ach rud níos tábhachtaí,
‘s é sin an lón is an beart ceapairí,
Is cnapán seacláide gan ‘bheith ciontach faoi.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
‘s bíonn siúlóidí tráthnóna i mBaile Átha Cliath,
Ó Mhol Ní Mhaoleoin go croílár na Saoirsí,
Agus leann dubh is coddle ag deireadh na h-oíche.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Tá léann ann fosta chomh maith leis an spraoi,
Bíonn Fionn ag cur síos dúinn, mar shaineolaí,
Ar Myles na gCopaleen is ar Mháire Mhac a’ tSaoi.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Is bíonn Críostóir an cisteoir ag obair go cuí,
Ag comhair an airgid ó mhaidin go h-oíche,
Is ag leanúint na Dubs is na Sham-Rógaraí.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Bíonn Bláithín i gcónaí lán misnigh is croí,
Ach ó chaith sí an tréimhse thall i bParee,
In áit ‘Dia duit’, tá ‘Bon soir’ et ‘Oui, Oui’.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Is cá mbeimis go léir gan Seán Ó Fearghail,
Ilteangach, ildánach, siúlóir is saoi,
Is saoithíneach go leor ó thaobh cúrsaí gramadaí!
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Tá dream eile sa chlub, ar chuala tú faoi?
Ní maith leo na sléibhte ach is maith leo an bia,
Sin an dream ar a dtugtar na Béileadóirí.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Ní fheiceann tú béileadóir ‘s é a’ cur báistí,
Níl seilbh acu ar phéir’ buataisí,
Ach bróga don bhialann ‘tá lá dí dá dee.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Ní bhíonn siúlóid ar bith ann gan chuidiú treoraí,
Do Bhreandán is Eibhlín is Tadhg is Daithí,
Is na treoraithe go léir, ár mbuíochas ó chroí.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Is don choiste go léir ‘tá ag obair gan scíth,
Do Mháire is Eileen is Déaglán, dar fia,
Is sibh laochra Gael Na Cnocadóirí.
Dúdal dom dídal dom doudel dom dí,
Fiche bliain a’ fás, sin mar a bhí,
Fiche bliain faoi bhláth, anois sin é mo ghuí,
Don chlub iontach seo, Na Cnocadóirí.
Fionnbharr Mac Domhnaill,
Meán Fómhair 2023
(Breithlá 20 bliain Na Cnocadóirí)