Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Turas Siúil i Sligeach: 10 -12 Aibreán 2026

1/2/2026

0 Comments

 
Dé hAoine, 10 Aibreán
B’fhéidir go mbeidh suim ag cuid agaibh cuairt a thabhairt ar chúpla láithreán eile tráthnóna Dé hAoine, 10 Aibreán (dhá shiúlóid réasúnta éasca)
 
10 Aibreán ag 13:00 i.n. – An Cheathrú Chaol (Carrowkeel), An Bricshliabh (Bricklieve)
Siúlóid Éasca: Fad: 5.2 km, Dreapadh: 130 m, 2 uair an chloig ag siúl / spaisteoireacht
Tús na siúlóide: 13:00 ag an gcarrchlós An Cheathrú Chaol (Carrowkeel),
Tagairt Eangaí: G 123 743 - Co-ord; 54.059, -8.395
 Rachaimid chuig an ‘reilig’ nó na tuamaí meigiliteacha sa Cheathrú Chaol
 
10 Aibreán ag 15:30 i.n. – Uaimheanna Chéis Chorainn (Caves of Kesh Corann)
Siúlóid Éasca: Fad: 1.8 km , Dreapadh: 80 m , 1 uair an chloig ag siúl / spaisteoireacht
Tús na siúlóide: 15:30 ag carrchlós Uaimheanna Chéis Chorainn (Kesh Corann)
Tagairt Eangaí: G 125 702 Co-ord; 54.0587, -8.4538
Tabharfaimid cuairt ar uaimheanna Chéis Chorainn, áit iontach suimiúil.
 
Beidh dinnéar againn i mbaile Shligigh, thart ar 7:30 i.n. 
-----------------------------------
​Dé Sathairn, 11Aibreán
Beidh rogha dhá shiúlóid ag daoine, siúlóid mheánach nó siúlóid éasca (féintreoraithe).
 
Rogha A;       10:00 r.n. – Binn Ghulbain
Siúlóid Mheánach: Fad: 11 km, Dreapadh: 500 m, 4 huaire an chloig ag siúl
 Tús na siúlóide: 10:00 ag an gcarrchlós  ag Luke’s Bridge –
Tagairt Eangaí: N 982 948.Co-ord; 54.3735, -8.4667
 
Tosóimid ag siúl ó Luke’s Bridge ar bhóthar cré tríd an ghleann. Ansin, beidh dreapadh go droim Bhinn Ghulbain agus ar aghaidh chuig barr Bhinn Ghulbain. Fillfimid ar ais ar an taobh eile den ghleann céanna chuig an gcarrchlós
 
Seans go rachaimid go dtí an caifé ‘Pink Clover’ i nDroim Chliabh tar éis na siúlóide.
 
Rogha B;       Ben Bulben Forest Loop (féintreoraithe).
Siúlóid Éasca: Fad: 4 – 5.5 km, Dreapadh: 100 m, 2 huaire an chloig ag siúl
Tús na siúlóide:  Carrchlós ‘Ben Bulben Forest Loop’ –
Tagairt Eangaí: G  460 673 Co-ord; 54.362, -8.502
 
Más maith le daoine sólaistí a fháil i ndiaidh na siúlóide, níl an caifé ‘Pink Clover’ i nDroim Cliabh rófhada ón gcarrchlós (~4 km).
 
Beidh dinnéar againn i mbaile Shligigh, thart ar 7:30 i.n.
 -----------
Dé Domhnaigh, 12 Aibreán         
Beidh rogha ag daoine: siúlóid mheánach nó siúl cois trá san Leathros nó dul ag snámh sa Leathros (Strandhill).
 
10:00 r.n. – Meascán Mhéabha, Cnoc na Riabh (Knocknarea).
Siúlóid Mheánach: Fad: 8 km, Dreapadh: 400 m, 3.5 huaire an chloig ag siúl
 
Tús na siúlóide:  Carrchlós chumann rugbaí, An Leathros
Tagairt Eangaí: G  359616 Co-ord; 54.270, -8.585
Eircode; F91 Y983.
 
14:45 i.n. - Láithreán ‘Reilig Mheigiliteach’, An Cheathrú Mhór (Carrowmore)
Beidh turas treoraithe i nGaeilge á eagrú ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) dúinne ag an Reilig Mheigiliteach, Carrowmore, ag 3pm.
Costas thart ar €4 an duine.
Beidh orainn líon na ndaoine ar mian leo freastal a dheimhniú cúpla lá roimh ré.
0 Comments

Ballraíocht

1/10/2023

 
Brúigh chun Ballraíocht a athnuachan

Turas siúil i nDeisceart na Spáinne - 30 Meán Fómhair go 8 Deireadh Fómhair 2023

4/7/2023

 
Picture
Tá seachtain á heagrú againn i ndeisceart na Spáinne, gar do Málaga, chun dul ag siúl i sléibhte an cheantair sin.
Seo iad na sonraí:
Am:  Dé Sathairn, 30 Meán Fómhair - Dé Domhnaigh, 8 Deireadh Fómhair 2023. 

Ceantar: Na sléibhte thoir thuaidh ó Málaga. Seo nasc chuig eolas faoin dúiche -  Parque natural de las Sierras de Tejeda, Almijara Y Alhama

Lóistín: Beimid ag fanacht sna bailte seo  -
​Cómpeta : Satharn, 30 Meán Fómhair - Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair (4 oíche)
Frigiliana : Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair - Domhnach, 8 Deireadh Fómhair (4 oíche)

Tá na bailte sin thart ar uair go leith ar bhus ó Málaga. Scaipfear eolas faoin taisteal seo.
Tá Frigiliana 7 km ón gcósta/trá agus Competá i lár na sléibhte.
Scaipfear rogha lóistín, óstán, etc. a bheadh oiriúnach. Beidh ar gach duine a áit féin a chur in áirithint.

Taisteal: Beidh ar gach duine a chuid eitiltí féin a eagrú.
Bíonn thart ar 4 eitilt le Ryanair agus 4 eitilt le hAer Lingus gach lá ó Bhaile Átha Cliath go Málaga, mar sin is féidir tréimhse níos lú ná seachtain iomlán a chaitheamh ar an turas – nó tréimhse níos faide.
Is féidir roinnt mhaith siúlóidí a dhéanamh díreach ó Cómpeta agus ó Frigiliana, agus is féidir dul go tús siúlóidí eile, agus teacht ar ais ina ndiaidh, le busanna áitiúla, tacsaithe, mionbhus mar thacsaí etc.

Má cheapann tú go mbeidh suim agat sa turas seo, bheimis buíoch dá rachfá i dteagmháil linn ag an seoladh seo [email protected] .
Má cheapann tú go mbeadh suim agat níos lú ná seachtain iomlán, nó níos mó ná seachtain amháin a chaitheamh sa cheantar, abair é sin freisin.
 

NB is do bhaill an Chlub amháin an turas seo. Is féidir ballraíocht a ghlacadh ach an nasc seo BALLRAÍOCHT a leanúint

Deireadh Seachtaine - 21 -23 Aibreán, Tiobraid Arann

5/3/2023

 
Picture
​Seo é clár ama sealadach :
Dé Sathairn, 22 Aibreán
Maidin: Sliabh an Airgid – An Dúnán, Barr an Ghleanna. Siúlóid sléibhe measartha éasca atá i gceist, thart ar 10 km ar fad agus dreapadh 400 m.
Iarnóin: Turas treoraithe timpeall Bhaile Aonach Urmhumhan.
Tráthnóna: Béile sa bhialann áitiúil.

Dé Domhnaigh, 23 Aibreán.
Maidin: Sliabh Ara – An Com, Tonn Toinne, Cros na Mílaoise. Siúlóid sléibhe measartha éasca atá i gceist, thart ar 8 km ar fad agus dreapadh 400 m.
Iarnóin: Bád go hInis Cealtra agus turas treoraithe timpeall an oileáin.
 

Nótaí:
-  Tá rogha mhaith de shiúlóidí níos éasca sa cheantar chomh maith.
- Beidh bus ar cíos againn chun taisteal go dtí agus filleadh ar ais ó na siúlóidí agus na turais treoraithe.


Tá lóistín curtha in áirithe i gceantar Gharraí Uí Chinnéide. Is sráidbhaile beag é a bhfuil dhá theach tábhairne agus bialann amháin ann. Tá gach lóistín lonnaithe laistigh de 4 km ón tsráidbhaile seo.

Seo atá i gceist sa phacáiste: lóistín don dá oíche (Oíche Aoine, 21 Aibreán agus Oíche Shathairn, 22 Aibreán), turas bus, turas báid agus ábhar bricfeasta agus ceapairí don lón  (m.sh. bainne, tae, arán, cáis, srl.) san áireamh.

Má bhíonn suim agat cuir ríomhphost chuig [email protected] 

Na Cnocadóirí - Imeachtaí agus ócáidí curtha ar ceal

20/3/2020

 
Is gá dúinn cloí le comhairle Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun scaipeadh COVID-19 a sheachaint. Mar sin níor chóir dúinn aon imeacht ina mbeadh daoine ag teacht le chéile i ngrúpaí a eagrú.

Ní bheidh aon imeacht á eagrú ag Na Cnocadóirí go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Tá súil againn go dtiocfaidh gach duine agaibh slán as an éigeandáil seo agus go bhfeicfimid arís go luath sibh ar na sléibhte nó ag ócáid shóisialta éigin.

Seán Ó Fearghail
Rúnaí - Ar son choiste Na Cnocadóirí

An Rómáin,  4 - 12 Iúil 2020 - Turas Cnocadóireachta

1/11/2019

 
Tá an turas seo curtha ar ceal - ní raibh go  leor suime ann.

Beimid ag siúl i  Sléibhte Bucegi, Piatra Craiului, Făgăraş, Cindrel

Siúlóidí  Éasca agus Meánacha, 
Fad na siúlóidí :  3-7 n-uaire an chloig gach lá.

Oiriúnach do dhaoine a thagann amach ag siúl i gCill Mhantáin

Praghas: Timpeall 900 Euro (seachas costas na heitilte, tá gach costas eile san áireamh .i. lóistín, bia, treoraí, taisteal áitiúil, cúpla deoch)

Má cheapann tú go mbeadh suim agat sa turas seo nó má tá tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil linn.

DRÉACHT d'Amchlár na Seachtaine:
Lá 1
Teacht go Búcairist - Aistriú go Sinaia - 2 uair an chloig - lóistín in Sinaia.

Lá 2
AM: Turas réamhaclaíochta. Cuairt ar Chaisleán Peles, aistriú go Azuga (12 km).
PM: Siúlóid i Sléibhte Baiului.
Bealach: Azuga – Droim Sorica – Mullach Cazacu (1753 m) - Droim Zamora - Busteni
6-7 n-uaire an chloig, dreapadh : + 800 m /- 800 m.
Lóistín in Sinaia.

Lá 3
AM; Cuairt Staire.
PM; Siúlóid i Sléibhte Bucegi
Bealach: Óstán Cota (1400 m) - Bothán Miorita – Mullach Furnica (2103 m) – Leachtanna Babele & Sphinx (2200 m) – Droim Piatra Arsa - Óstán Cota.
6 huaire an chloig, dreapadh : +/- 800 m.
Aistriú ó Sinaia go Brasov (thart ar 1 uair an chloig). Cuairt chultúrtha in Brasov 1.5 / 2 uair an chloig.
Dinnéar i mbialann thraidisiúnta Rómánach. Lóistín: Óstán 3 *** in Brasov.

Lá 4
AM: Cuairt ar Chaisleán Bran - Caisleán Dracula.
PM: Siúlóid i Sléibhte Bucegi
Bealach: Brasov- Bran - Moeciu de Sus - Gleann Bangaleasa – Plásóg choille Gutanu - Gleann Gaura – Sráidbhaile Simon
5-6 huaire an chloig, dreapadh : + 679 / -720 m
Dinnéar agus lóistín i sráidbhaile Moeciu de Sus.

Lá 5
Siúlóid i Sléibhte Piatra Craiului
Bealach: Scornaigh Prapastiile Zarnestiului - Plásóg choille Vladusca - La Table - Diallait Joaca (1570 m) - Sráidbhailte Pestera & Magura – Fuarán/tobar Botorog - Zarnesti - Loch Balea.
5-6 huaire an chloig, dreapadh : + 643 m / - 643 m
Radharc dochreidte Ghleann na Balea agus bhóthar cáiliúil Transfagarasan - nasc straitéiseach idir Transylvania agus Wallachia. (https://www.youtube.com/watch?v=OLAtcrB0GZg).
Aistriú ó Zarnesti go Loch Balea (thart ar 2.5 huaire an chloig). Dinnéar agus lóistín i mBrú Paltinu (2044m).

Lá 6
Siúlóid i Sléibhte Făgăraş
Bealach: Ceantar Loch Balea (2030 m) - Diallait Capra - Ceantar Fereastra Zmeilor- Mullach Mircii (2471 m) – Diallait Podragu – Brú Podragu(2136 m).
5-6 huaire an chloig, dreapadh : + 441 m / - 335 m.
Dinnéar agus lóistín i mBrú Podragu.

Lá 7
"Díon na Rómáine" - Moldoveanu (2544m),
Bealach: Brú Podragu (2136 m) - Diallait Podragu – Mullach Corabia – Mullach Vistea Mare (2527 m) - Mullach MOLDOVEANU (2544 m) - ar ais go Podragu ar an gcosán céanna.
7-8 n-uaire an chloig, dreapadh: + 408 m / - 408 m.
Dinnéar agus lóistín sa bhrú céanna, Podragu.

Lá 8
AM: Siúlóid i Sléibhte Făgăraş
Bealach : Brú Podragu - Gleann na Podragel – Ceantar Fereastra Zmeilor – Gleann Fundul Caprei.
Aistriú ó Ghleann Fundul Caprei go Sibiu (1.5 uair).
PM: Turas cultúrtha i lár stairiúil Sibiu.
Dinnéar speisialta i mbialann thraidisiúnta Rómánach agus lóistín i Sibiu.

Lá 9:
AM: Aistriú go Búcairist (Sibiu – Gleann Olt - Pitesti- Búcairist. 4 – 5 huaire an chloig)
PM: Cuairt ghearr ar Theach na nDaoine -Teach na Parlaiminte
Aistriú go hAerfort Idirnáisiúnta Búcairist.

Áirítear sa phraghas:
- 6 oíche lóistín in óstán 3 *** nó pinsean 4 *** (2 x Sinaia, 1 x Brasov, 1 x Moeciu de Sus, 1 x limistéar Loch Paltinu-Balea, 1 x Sibiu) i seomraí dúbailte agus seomraí single. 2 oíche lóistín i mbrú sléibhe (Podragu).
- Lánlóistín (bricfeasta, lón, dinnéar). Pacáistí lóin (ceapairí & torthaí do na turais sléibhe amháin).
- Fáilte agus an dinnéar deiridh i mbialann thraidisiúnta Rómánach (le roinnt fíona nó branda Rómánaigh).
- Aistriú chuig / ón aerfort... Iompar le linn na cuairte iomláine.
- Treoraí gairmiúil sléibhe.
- Treoraí cultúrtha in Brasov agus Sibiu.
- Treoraí cultúrtha i gCaisleán Peles.
- Bealach isteach i gCaisleán Peles, Caisleán Bran, Iarsmalann faoin aer in Sibiu.
Ní bheidh an deis ann aon airgead eile a chaitheamh.
 
Ní áirítear sa phraghas:
- Costais eile nár luadh thuas
- Árachas tionóisce / saoil, trealamh, ticéad eitilte.
<<Previous

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly