Dé Sathairn, 22 Aibreán
Maidin: Sliabh an Airgid – An Dúnán, Barr an Ghleanna. Siúlóid sléibhe measartha éasca atá i gceist, thart ar 10 km ar fad agus dreapadh 400 m.
Iarnóin: Turas treoraithe timpeall Bhaile Aonach Urmhumhan.
Tráthnóna: Béile sa bhialann áitiúil.
Dé Domhnaigh, 23 Aibreán.
Maidin: Sliabh Ara – An Com, Tonn Toinne, Cros na Mílaoise. Siúlóid sléibhe measartha éasca atá i gceist, thart ar 8 km ar fad agus dreapadh 400 m.
Iarnóin: Bád go hInis Cealtra agus turas treoraithe timpeall an oileáin.
Nótaí:
- Tá rogha mhaith de shiúlóidí níos éasca sa cheantar chomh maith.
- Beidh bus ar cíos againn chun taisteal go dtí agus filleadh ar ais ó na siúlóidí agus na turais treoraithe.
Tá lóistín curtha in áirithe i gceantar Gharraí Uí Chinnéide. Is sráidbhaile beag é a bhfuil dhá theach tábhairne agus bialann amháin ann. Tá gach lóistín lonnaithe laistigh de 4 km ón tsráidbhaile seo.
Seo atá i gceist sa phacáiste: lóistín don dá oíche (Oíche Aoine, 21 Aibreán agus Oíche Shathairn, 22 Aibreán), turas bus, turas báid agus ábhar bricfeasta agus ceapairí don lón (m.sh. bainne, tae, arán, cáis, srl.) san áireamh.
Má bhíonn suim agat cuir ríomhphost chuig [email protected]