BUNREACHT AGUS RIALACHA NA gCNOCADÓIRÍ

1 AINM

1.1 Is é an t-ainm a bheidh ar an gClub ná Na Cnocadóirí, dá ngairtear “an Club” anseo ina dhiaidh seo.

2 AN GHAEILGE

2.1 Is í an Ghaeilge gnáth-theanga labhartha an Chlub. Fáiltímid roimh chomhaltaí nua a bhíonn toilteanach Gaeilge a labhairt.

3 CUSPÓIRÍ AN CHLUB

3.1 Gníomhaíochtaí cnocadóireachta agus sléibhteoireachta trí Ghaeilge, agus a mbaineann leo, a chur chun cinn i measc chomhaltaí an Chlub.

3.2 Deis a thabhairt do chomhaltaí an Chlub ar theacht i gceann a chéile agus ar pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cnocadóireachta agus sléibhteoireachta i bhfochair a chéile.

3.3 Gníomhú thar ceann chomhaltaí an Chlub agus le leas na gcomhaltaí.

3.4 An gá atá le rochtain ar thimpeallacht na n-aillte agus na sléibhte a chothú mar aon le caomhnú agus le cosaint na timpeallachta sin a chur ar a súile don phobal.

3.5 Páirt a ghlacadh in obair agus i ngníomhaíochtaí Chomhairle Sléibhteoireachta na hÉireann.

4 COMHALTAS AN CHLUB

4.1 Beidh cead ag daoine a bheidh toilteanach Gaeilge a labhairt, dá ngairtear “an Comhaltas” anseo ina dhiaidh seo, bheith ina gcomhaltaí den Chlub.

4.2 I dteannta a bhfuil i 3.1 thuas, daoine aonair a admhóidh gur gníomhaíochtaí iad an dreapadóireacht agus an tsléibhteoireacht a bhfuil contúirt a ngortaithe nó a mbáis féin ag baint leo, beidh cead ag na daoine aonair sin bheith ina gcomhaltaí den Chlub. Tabharfaidh comhaltaí na contúirtí sin dá n-aire agus glacfaidh siad leo. Toileoidh comhaltaí le bheith freagrach as a gcuid gníomhartha féin agus as a n-iompar féin.

5 BAINISTÍOCHT AN CHLUB

5.1 Is ar Choiste an Chlub, dá ngairtear “an Coiste” anseo ina dhiaidh seo, a chuirfear cúram Bhainistíocht an Chlub.

6 OIFIGIGH AN CHLUB

6.1 Is iad na hOifigigh thofa a bheidh ar an gClub ná an tUachtarán/an Cathaoirleach, an Rúnaí, an Cisteoir, dá ngairtear “na hOifigigh” anseo ina dhiaidh seo.

6.2 Is ar an gcruinniú ginearálta bliantúil a dhéanfar an vótáil chun Oifigigh a thoghadh.

6.3 Ní fhónfaidh aon Oifigeach ar feadh téarma is faide ná trí bliana.

7 COISTE AN CHLUB

7.1 Is é nó is í Uachtarán/Cathaoirleach an Chlub de ghnáth a bheidh i gceannas agus sa chathaoir ar an uile chruinniú den Choiste agus beidh sé de dhualgas airsean nó uirthise tuarascáil a thabhairt don Chomhaltas ar chruinniú ginearálta bliantúil an Chlub.

7.2 Is iad Oifigigh an Chlub a bheidh ar an gCoiste.

7.3 Déanfaidh an Coiste ionadaí de chuid an Chlub a ainmniú chun freastal ar chruinnithe de Chomhairle Sléibhteoireachta na hÉireann agus labhairt thar ceann an Chomhaltais agus vótáil thar ceann an Chlub.

7.4 Is é nó is í Rúnaí an Chlub a bheidh freagrach san uile chomhfhreagras a bhainfidh le gnóthaí an Chlub agus i gcruinnithe den Choiste a fhógairt agus i miontuairiscí na gcruinnithe sin a dhéanamh agus a dháileadh. Beidh an Rúnaí freagrach, leis, sa chruinniú ginearálta bliantúil a fhógairt agus tabharfaidh sé nó sí fógra i dtaobh cruinniú den sórt sin agus a chláir oibre 30 lá glan ar a laghad roimh an gcruinniú. Aon mhíreanna a bheidh le háireamh ar an gclár oibre, ní mór iad a chur isteach 45 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ginearálta bliantúil.
Coimeádfaidh an Rúnaí taifid i dtaobh Chomhaltas an Chlub agus cuirfidh seisean nó sise líon na gcomhaltaí in iúl do Chomhairle Sléibhteoireachta na hÉireann.

7.5 Is é nó is í an Cisteoir a bheidh freagrach i síntiúis a bhailiú agus tabharfaidh seisean nó sise cuntas in aon ioncam eile agus in aon chaiteachas eile a dhéanfar thar ceann an Chlub. Is é nó is í an Cisteoir a bheidh freagrach sa síntiús comhaltais a íoc le Comhairle Sléibhteoireachta na hÉireann agus sa phréimh Árachais a íoc má ghlactar an rogha sin.

7.6 Beidh an chumhacht ag an gCoiste comhaltaí breise nach mbeidh cead vótála acu a chomhthoghadh.

7.7 Is é an córam a theastóidh i gcomhair cruinniú den Choiste ná leath na gcomhaltaí tofa a mbeidh cead vótála acu. Déanfaidh an Club ceithre chruinniú ar a laghad a thionól gach aon bhliain chomh maith leis an gcruinniú ginearálta bliantúil.

8 SÍNTIÚIS DON CHLUB

8.1 Beidh an chumhacht ag an gCoiste leibhéil síntiús comhaltais don Chlub a cheapadh ar bhonn bliantúil.

9 RIALACHA AN CHLUB

9.1 Beidh an chumhacht ag an gCoiste rialacha an Chlub a cheapadh. Beidh na rialacha sin de réir airteagail Bhunreacht an Chlub agus beartais Chomhairle Sléibhteoireachta na hÉireann.

10 LEASUITHE AR BHUNREACHT AN CHLUB

10.1 Féadfar an Bunreacht seo a leasú ach tromlach is ionann agus dhá thrian de na Comhaltaí vótáil leis sin. Ní mór fógra i dtaobh aon leasaithe a sheachadadh ar an Rúnaí 45 lá ar laghad roimh an gcruinniú ginearálta bliantúil.

11 AN CLUB A DHÍSCAOILEADH

11.1 Féadfar an Club a dhíscaoileadh ach tromlach is ionann agus dhá thrian de na Comhaltaí vótáil leis sin, is vótáil a stiúrfar de réir Airteagal 9. Leis sin, déanfaidh an Coiste socrú go n-urscaoilfear aon sócmhainní le Foireann Tarrthála Sléibhe Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin. Is iad na Comhaltaí go léir i gcomhpháirt a bheidh freagrach in aon dliteanais tráth an díscaoilte.