EOLAS FAOIN gCLUB
An Club
Ballraíocht
Bunreacht
Ceisteanna Coitianta
Teagmháil
SIÚLÓIDÍ AGUS IMEACHTAÍ
Grianghraif
Eolas eile

Ar an 5/12/10 a rinneadh an nuashonrú ba dhéanaí ar an leathanach seo

Ar ais go barr an leathnaigh                  An Príomhleathanach                   Déan teagmháil linn
 

FÓGRAÍ
Déan teagmháil linn
Déan teamháil linn
Déan teagmháil linn
Lógó na gCnocadóirí

FÉILIRE
Cliceáil ar na dátaí daite
Ballraíocht

(Giota ó bhunreacht an chlub)
4.1 Beidh cead ag daoine a bheidh toilteanach Gaeilge a labhairt, dá ngairtear “an Comhaltas” anseo ina dhiaidh seo, bheith ina gcomhaltaí den Chlub.
4.2 I dteannta a bhfuil i 3.1 thuas, daoine aonair a admhóidh gur gníomhaíochtaí iad an dreapadóireacht agus an tsléibhteoireacht a bhfuil contúirt a ngortaithe nó a mbáis féin ag baint leo, beidh cead ag na daoine aonair sin bheith ina gcomhaltaí den Chlub. Tabharfaidh comhaltaí na contúirtí sin dá n-aire agus glacfaidh siad leo. Toileoidh comhaltaí le bheith freagrach as a gcuid gníomhartha féin agus as a n-iompar féin.  Is féidir leat tuilleadh eolais faoi chuspóirí agus rialacha an chlub a léamh sa Bhunreacht.

Féach ar an mbunreacht iomlán.

Ballraíocht 2011/12 oscailte anois!
Más ball den chlub thú, tá sé in am do bhallraíocht a athnuachan. Muna ball thú, más rud é gur tháinig tú amach ar dhá shiúlóid cheana, ní mór duit ballraíocht a ghlacadh, sula dtagann tú amach ar shiúlóid eile.

Cliceáil anseo agus íoslódáil an fhoirm chláraithe.

A. Síntiús iomlán: €50:  más iad Na Cnocadóirí an t-aon chlub ina bhfuil tú i do bhall.

B. Sintiús laghdaithe: €40:  más iad Na Cnocadóirí an t-aon chlub ina bhfuil tú i do bhall, agus mura bhfuil tú fostaithe faoi láthair (m.sh. dífhostaithe, ar scor, mac léinn, cúramóir).

C. Comhbhallraíocht: €25: Má tá tú i do bhall de chlub eile nó i do bhall aonair de Shléibhteoireacht Éireann (MI).

D. Comhbhallraíocht laghdaithe: €15  Má tá tú i do bhall de chlub eile nó i do bhall aonair de Shléibhteoireacht Éireann (MI) agus mura bhfuil tú fostaithe faoi láthair (m.sh. dífhostaithe, ar scor, mic léinn, cúramóir).
I gcás A agus B cuirtear an chuid is mó den airgead chuig Sléibhteoireacht Éireann le costais bhallraíochta agus árachais a íoc.
Úsáidtear an t-airgead eile chun costais an tsuímh Ghréasáin a ghlanadh, imeachtaí a eagrú, poiblíocht a dhéanamh agus chun an club a chothú trí chúrsaí a chuirfidh le scileanna na mball a reáchtáil.


Tá go leor buntáistí ag baint le ballraíocht san MI, m.sh:












Tá eolas breise faoi Shléibhteoireacht Éireann ar fáil ar www.mountaineering.ie

Eolas tábhachtach
Ná dearmad gur spórt dainséarach í an chnocadóireacht agus gur ort féin atá an fhreagracht agus tú á déanamh! Caithfidh daoine a bheith réasúnta aclaí freisin. Bí cinnte go léann tú an t-eolas mar gheall ar an trealamh agus an feisteas riachtanach a bheidh ag teastáil uait. 
Arachas: Is spórt dainséarach í an chnocadóireacht, agus ní mór d'aon duine a théann amach ag siúl árachas a bheith aige/aici. Íocfaidh Na Cnocadóirí táille árachais le MI ar do shon.
Lacáistí: Gheobhaidh tú cárta ballraíochta ón MI má íocann tú síntiús iomlán leis Na Cnocadóirí. Agus an cárta agat, is féidir leat lacáiste a fháil óna lán siopaí a dhíolann feisteas agus trealamh sléibhteoireachta.
Irisleabhar: Gheobhaidh tú cóip den iris The Irish Mountain Log in aisce sa phost ceithre huaire sa bhliain.
Deis freastal ar chainteanna, léachtaí agus ócáidí eile de chuid an MI.
Lógó Shléibhteoireacht Éireann