Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Éasca  - Dé Domhnaigh, 10 Bealtaine 2026 - Bruach na Bóinne

3/5/2026

0 Comments

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30 r.n.
Siúlóid Éasca: Ionad Chath na Bóinne - Halla an Toinlígh - Tulaigh Álainn - Gleann Rí Liam - An Seandroichead
Fad na siúlóide - 11 km, Dreapadh – 150 m, 2.5 - 3 huaire an chloig ag siúl.
Ach beimid in ann píosa a bhaint de, má bhíonn gá.
​

Picture
Treoraí: Seán

Tús na siúlóide:  An carrchlós in Ionad Chath na Bóinne.
Tagairt eangaí O 042 961, nó N53.7239, W6.4230
Eircode A92 CY69
Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.

Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin agus ar bhóithre coille, ach tá seans go mbeidh sé fliuch nó lábach in áiteanna. Mura mbíonn sé fliuch, oirfidh bróga reatha.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Lean an M1 go dtí bealach amach 10, díreach tar éis Dhroichead Mary McAleese. Tóg an chéad bhealach amach ón timpeallán ar an N51 siar i dtreo Bhaile Shláine. Tar éis 1.4km cas ar chlé trasna an droichid, agus tar éis 300m cas ar dheis isteach Ionad Chath na Bóinne. Tá an carrchlós in aice an tí mhóir.


Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

0 Comments

Siúlóid Threoraithe - Dé Sathairn, 18 Aibreán 2026 - Duga Spencer

8/4/2026

0 Comments

 
Siúlóid Oidhreachta: Duga Spencer, Ceantar na nDugaí Bhaile Átha Cliath.
Dáta/am: Dé Sathairn, 18 Aibreán 2026 ag 11:00 r.n.
Fad/am: Thart ar 2km nó uair go leith.
Teacht le chéile:
 An pháirc bheag phoiblí in aice le stad Luas Dhuga Spencer, BÁC 3.
​
Picture
An tSiúlóid: 
Is turas treoraithe neamhfhoirmiúil, trí mheán na Gaeilge, é seo timpeall cheantar Dhuga Spencer agus na nDugaí Thoir.

Déanfaidh an t-ailtire, Breandán Mac Aodha Bhuí, iniúchadh ar an gceantar ó thaobh oidhreachta, ailtireachta agus innealtóireachta de. 
​
Cuirfear tús leis an tsiúlóid ag stad Luas Dhuga Spencer, agus ansin leanfar ar aghaidh go dtí an Chanáil Ríoga agus cois Life, sula gcuirfear deireadh leis ag an ‘bhFostáisiún’ ar Bhóthar an Phoirt Thoir, atá ina iarsmalann anois.

0 Comments

Siúlóid Éasca agus Béile - Lá 'le Pádraig 2024 - Easanna Jackson

6/3/2026

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 11:00 r.n.
Siúlóid Éasca:
 An Láithreach - Easanna Jackson - Bruach na hAbhann Móire
Fad na siúlóide - 10.5 (nó 5) km, Dreapadh – 200 m, 2.5 - 3 huaire an chloig ag siúl.
Ach beimid in ann píosa a bhaint de, má bhíonn gá.
​
​I ndiaidh na siúlóide beidh béile againn in The Wicklow Heather sa Láithreach ag 3:00pm. 
Cuir fios orainn ag [email protected] lá roimh ré, ar a laghad, chun spás a cur in áirithe.
Ar ndóigh, is féidir bheith ag an mbéile linn gan dul ar an tsiúlóid.
​
Picture
Treoraí: Seán 
Tús na siúlóide:  An carrchlós ag Woolen Mills, in aice leis an gCumann CLG sa Láithreach.
Tagairt eangaí T 142 960, nó N53.0024, W6.3000
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin agus ar bhóithre coille, ach tá seans go mbeidh sé fliuch nó lábach in áiteanna. Mura mbíonn sé fliuch, oirfidh bróga reatha.
Stopfaimid le rud beag a ithe ar an tsiúlóid - tá gach seans nach mbeimid ag ithe sa Wicklow Heather mórán roimh 3:30.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn ag [email protected]..
De bharr Pharáid Lá 'le Pádraig ní bheidh aon áit chruinnithe againn i lár na cathrach an uair seo.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath-  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar chlé ag an Láithreach agus tar éis 600 m cas ar dheis ag an gcomhartha do na Muilte Olla (Woollen Mills). Tá an carrchlós ar  thaobh clé an an mbóthar sin.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

Siúlóid Staire - Dé Sathairn, 7 Márta 2026 - Baile na Lochlannach (Oxmantown)

2/3/2026

 
Turas treoraithe trí Ghaeilge an an gceantar stairiúil Baile na Lochlannach, i mBaile Atha Cliath 7.

Teacht le chéile:   Stáisiún LUAS ‘Na Ceithre Cúirteanna’
Am:   11.00 r.n. Dé Sathairn, 7 Márta 2026

Treoraí: Breandán
 ​
Picture
An tSiúlóid: 
Beidh an tsiúlóid dírithe ar sheandálaíocht agus ar fhoirgnimh stairiúla i gceantar Bhaile na Lochlannach i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. 
Breathnóimid ar na seanfhoirgnimh atá ann fós agus pléifimid an tseandálaíocht faoi thalamh.
Cuirfear tús leis an tsiúlóid ag Na Ceithre Cúirteanna. Ansin rachaimid chuig Margadh na Feirme agus leanfaimid ar aghaidh i dtreo Shráid Chéipil sula gcríochnóimid ag iar-Mhainistir Naomh Muire.
 
Mairfidh an tsiúlóid thart ar 1.5 - 2 uair an chloig.
 
Beidh fáilte roimh chách.

Siúlóid Éasca - Dé Domhnaigh, 18 Eanáir 2026, Áth na Sceire

11/1/2026

 
Siúlóid Éasca:  Áth na Sceire (Enniskerry), Cosán aifrinn, Seanséipéal Chill Adhgair, Coill Chnoc Sinche
​
Fad: 8 km, Dreapadh: 200 m, 3 uair an chloig ag siúl.

Ní siúlóid sléibhe í an tsiúlóid seo. Beimid ag siúl ar chosán aifrinn, ar chonair coille agus i bpáirceanna féir a bheidh fliuch agus lábach in áiteanna.  Moltar buatais (éadroma) a chaitheamh.
Tabhair úll nó meacan dearg leat le tabhairt do na capaill a bhuailfidh linn ar an mbealach.
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89)
Imeoimid ag 10.00 r.n. go cruinn. 
Nó
Tús na siúlóide: An carrchlós in Áth na Sceire - Carrchlós Inse an Phortaigh (Bog Meadow Car Park)
Tagairt eangaí – O 224 175  nó N53.1940, W6.1701.

Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
 
Treoraí: Seán 
​

Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait nó síob le tabhairt téigh i dteagmháil linn, lá roimh ré.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath, lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

Tógadh Cill Adhgair sa 9ú céad, agus deirtear gur leag saighdiúirí Chromail an chuid is mó de. Sa reilig tá roinnt leac uaighe Lochlannach. 
Seo cúpla nasc chuig tuilleadh eolais:
Leaca Chill Adhgair
Séipéal Chill Adhgair

Dinnéar na Nollag - 13 Nollaig 2025 - MV Cill Áirne

4/11/2025

 
Arís, beidh Dinnéar na Nollag ag Na Cnocadóirí sa bhialann ar an mbád ar an Life.
Áit: Cill Áirne, Cé an Phoirt Thuaidh, Cé 16, BÁC 1, D01 XE03.
    Os Comhair an Ionaid Chomhdhála
Am:  6:00 i.n.  Dé Sathairn, 13 Nollaig 2025
Ach má bhíonn tú ann ó 5:30 ar aghaidh beidh an beár ar oscailt.
Praghas:  60 Euro, agus seirbhís san áireamh.
​
Picture
Má bhíonn suim agat teacht, bheimis buíoch dá bhféadfá an 60 Euro a íoc go luath, ach roimh 2 Nollaig 2025.

Is é an bealach is éasca chun íoc as an dinnéar ná íocaíocht leictreonach a dhéanamh díreach isteach i gcuntas an Chlub. 
​
NÁ DÉAN DEARMAD D’AINM A CHUR LEIS AN ÍOCAÍOCHT.
Ansin cuir ríomhphost chuig [email protected] chun a chur in iúl go bhfuil an íocaíocht déanta agat.

Má bhíonn deacrachtaí agat íocaíocht a dhéanamh ar líne, nó mura mbíonn sonraí an chuntais agat, téigh i dteagmháil linn ag  [email protected].
Tar éis an dinnéir, má bhíonn fonn ar dhaoine, beimid in ann fanúint ar an mbád ag ól - mar a rinneamar anuraidh.

​NÓTA: Beidh siúlóid measartha éasca againn Dé Domhnaigh, 14 Nollaig 2025.

<<Previous
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly