Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Agóid Náisiúnta na nGael - 20 Meán Fómhair 2025 - Baile Atha Cliath

12/9/2025

 
Picture

Beidh cuid againn ag teacht le chéile sa chaifé Arboretum Urban Green, os cionn siopa leabhar Chapters i Sráid Parnell ó 12:30 pm ar aghaidh.
​
Má bhíonn suim agat, beidh sé go deas má bhíonn tú ann linn, chun cupán caife a fháil (ach ni bheidh aon ghá leis sin) agus páirt a ghlacadh san agóid inár bhfoireann.

Siúlóid Éasca - Dé Domhnaigh, 6 Iúil 2025 - An tInbhear Mór

27/6/2025

 
Siúlóid Éasca: Bruach Abhainn Abhóca, Coill Ghleann Airt, An tInbhear Mór
Ní siúlóid sléibhe í seo, ach tá seans go mbeidh an cosán lábach in áiteanna.
Fad: 10 km, gan aon dreapadh
3.5uair an chloig ag siúl
​
Picture
Tús na siúlóide: 11:00 r.n. ag Carrchlós na Príomhshráide san Inbhear Mór (Arklow). Eircode Y14 F960.
Tagairt eangaí: T 244 735 nó N52.7986, W6.1561

Lean an nasc seo go dtí tús na siúlóide
nó https://maps.app.goo.gl/c6mkRaCHiCJVdxSv6

Taisteal:  Expressway Bus 2 as Busáras ag 08:25 go dtí Arklow Tourist Office. 
https://www.expressway.ie/route/2/dublin-airport-to-wexford/2025-06-02
​
(Níl aon traein oiriúnach ar fáil Dé Domhnaigh ag an am sin
https://www.irishrail.ie/getmedia/2eaa16f8-4645-4cd7-a1a2-83c1665f701b/08_dublin-rosslare.pdf
)

Treoraí: Colm 
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait, nó má bhíonn síob uait nó síob le tabhairt agat téigh i dteagmháil linn.

Tar éis na siúlóide beidh sólaistí againn san Inbhear Mór.

Turas Treoraithe - Dé Sathairn, 14 Meitheamh 2025, Acra an Bhulaí

5/6/2025

 
2:00 i.n. Turas treoraithe trí Gaeilge
 "Acra an Bhulaí" nó "Bully's Acre", i gCill Mhaighneann.

Le treoraí ón OPW, arna eagrú ag Breandán dos Na Cnocadóirí.
​

Picture
Tá dhá rogha agat:-
1 Teacht le chéile ag Stáisiún Houston ag 1:00i.n.
Beidh Breandán ag príomhbhealach isteach Stáisiún Heuston, os comhair stad an LUAS. 
Inseoidh sé faoi stair Stáisiún Heuston, Ospidéal Dochtúir Steeven, an Ospidéil Ríoga agus Iar-Mhainistir Naomh Eoin.
Buailfimid leis an OPW ag geata Acra an Bhulaí ag 1.55i.n.
NÓ
2 Téigh díreach go dtí Acra an Bhulaí ag 1:55pm

Treoracha: Má bhíonn tu ag teacht ó sráidbhaile Chill Mhaighneann, siúil trí Thúr Gheata Richmond, ar an ascaill i dtreo an Ospidéil Ríoga (IMMA) Tar éis 100m, beidh geata Acra an Bhulaí ar do thaobh chlé.

Tá an turas leis an OPW saor in aisce. Ach chun meastachán a fháil ar an líon daoine a bheidh ann beimid buíoch má théann tú i dteagmháil linn ag [email protected] .

Siúlóid Threoraithe - Dé Sathairn, 5 Aibreán 2025 - An Port Thoir

30/3/2025

 
​Siúlóid Oidhreachta; An Port Thiar, an ceantar máguaird agus tithíocht
Tá an tsiúlóid seo á heagrú mar chuid de Fhéile Ealaíon na Cúig Lóchrann  (Five Lamps Arts Festival)
Picture
Dáta/am: Dé Sathairn, 5 Aibreán, 2025 ag 11:00 r.n.

Fad: Thart ar 2.5km. Turas uair an chloig go leith, a thosófar agus a chríochnófar ag Ionad Pobail Sheáin Uí Chathasaigh (Seán O'Casey Community Centre).

Teacht le Chéile: Lasmuigh d'Ionad Pobail Sheáin Uí Chathasaigh, 18-26 Bóthar Naomh Muire Thuaidh, BAC 3, D03 AY74.

An tSiúlóid:  Turas treoraithe neamhfhoirmiúil é seo, trí mheán na Gaeilge, ar cheantar an Phoirt Thoir. Tabharfaimid cuairt ar Ionad Pobail Sheáin Uí Chathasaigh, agus ansin siúlfaimid trí cheantar an Phoirt Thoir agus beimid ag díriú ar fhorbairt stairiúil uirbeach agus ar oidhreacht an cheantair

Treoraí: Breandán, a bhfuil an-eolas aige ar ailtireacht agus ar stair an cheantair.

Tá ticéid ar fáil, saor in aisce, ar EventBrite ag an NASC SEO.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Siúlóid Threoraithe - Dé Sathairn, 29 Márta 2025 - Duga Spenser

24/3/2025

 
​Siúlóid Oidhreachta; Duga Spencer agus an ceantar máguaird
Tá an tsiúlóid seo á heagrú mar chuid de Fhéile Ealaíon na Cúig Lóchrann  (Five Lamps Arts Festival)
Picture
Dáta/am: 11:00 am, Dé Sathairn, 29 Márta, 2025

Fad: Thart ar 2.5 km. Mairfidh an turas ar fad uair an chloig go leith agus beimid ag tosú agus ag críochnú ag Duga Spencer.
Teacht le Chéile: An pháirc bheag phoiblí in aice Stáisiún Luas Dhuga Spencer, BÁC 3.

An tSiúlóid: Turas treoraithe neamhfhoirmiúil é seo, trí mheán na Gaeilge. Beidh an tsiúlóid dírithe ar oidhreacht ailtireachta agus innealtóireachta Dhuga Spencer agus an cheantair máguaird.

Treoraí: Breandán, a bhfuil an-eolas aige ar ailtireacht agus stair an cheantair.

Tá ticéid ar fáil, saor in aisce, ar EventBrite ag an NASC SEO.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected] nó le Breandán.

Siúlóid Staire  - SeanTeampaill BhÁC - Dé Sathairn, 8 Márta 2025

2/3/2025

 
Picture
Séipéil Réamh-Normannacha Bhaile Átha Cliath

Teacht le chéile:     Lasmuigh d’Ardeaglais Theampall Chríost  (Christchurch), Plás Theampall Chríost (díreach taobh istigh den phríomhgheata). 
Am: 10:30 r.n. Dé Sathairn, 8 Márta 2025

An tSiúlóid:  Beidh an turas treoraithe seo ag díriú ar iarsmaí na n-eaglaisí réamh-Normannacha i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Breathnóimid ar an ailtireacht atá fós ann agus ar na rianta foirgneamh agus struchtúr a tógadh roimh 1170 AD. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ag Teampall Chríost, agus pléifimid na fianaisí seandálaíochta atá ann do Theampaill Naomh Mícheál le Pole (Mac Táil), Naomh Peadar, Naomh Pádraig agus Naomh Caoimhín.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 1.5 huaire an chloig, ó Phlás Theampall Chríost go Rae Camden / Sráid Loch Garman.

Treoraí: Breandán

Beidh fáilte roimh chách.

Beidh deoch nó rud beag le hithe againn in áit éigin in aice láimhe ag deireadh na siúlóide.
NB Beidh an turas i mBaile an Chinnéidigh ag 2:00pm i ndiaidh an chinn seo , má bhíonn síob uait téigh i dteagmháil linn.

<<Previous
Forward>>
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly