Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid Staire  - SeanTeampaill BhÁC - Dé Sathairn, 8 Márta 2025

2/3/2025

 
Picture
Séipéil Réamh-Normannacha Bhaile Átha Cliath

Teacht le chéile:     Lasmuigh d’Ardeaglais Theampall Chríost  (Christchurch), Plás Theampall Chríost (díreach taobh istigh den phríomhgheata). 
Am: 10:30 r.n. Dé Sathairn, 8 Márta 2025

An tSiúlóid:  Beidh an turas treoraithe seo ag díriú ar iarsmaí na n-eaglaisí réamh-Normannacha i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Breathnóimid ar an ailtireacht atá fós ann agus ar na rianta foirgneamh agus struchtúr a tógadh roimh 1170 AD. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ag Teampall Chríost, agus pléifimid na fianaisí seandálaíochta atá ann do Theampaill Naomh Mícheál le Pole (Mac Táil), Naomh Peadar, Naomh Pádraig agus Naomh Caoimhín.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 1.5 huaire an chloig, ó Phlás Theampall Chríost go Rae Camden / Sráid Loch Garman.

Treoraí: Breandán

Beidh fáilte roimh chách.

Beidh deoch nó rud beag le hithe againn in áit éigin in aice láimhe ag deireadh na siúlóide.
NB Beidh an turas i mBaile an Chinnéidigh ag 2:00pm i ndiaidh an chinn seo , má bhíonn síob uait téigh i dteagmháil linn.

Siúlóid Éasca - Dé Domhnaigh, 16 Feabhra 2025 - Camino na Bóinne

4/2/2025

 
​Siúlóid Éasca: Cuid de Camino na Bóinne. 
An Seandroichead go Droichead Átha ar Na Rampair ar bhruach na Bóinne agus ar ais go dtí an Seandroichead ar an mbruach eile agus ar sheanbhóthar Bhaile Shláine.
Picture
Fad: 10 km, 3 uair an chloig ag siúl.
Ní siúlóid sléibhe í seo, agus oirfidh bróga reatha di.

Tús na siúlóide: 11:00 r.n. ag carrchlós Choill Halla an Toinlígh  (Townley Hall Woods Car Park).
Tagairt eangaí : O 045 763  nó N53.7264 W6.4168

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Lean an M1 go dtí bealach amach 10, díreach tar éis Dhroichead Mary McAleese. Tóg an chéad bhealach amach ón timpeallán ar an N51 siar i dtreo Bhaile Shláine. Sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh deas tar éis 1.4km.
Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

​Treoraí: Seán
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait, nó má bhíonn síob uait nó síob le tabhairt agat téigh i dteagmháil linn

Turas ar Theach an Chustaim - Dé Sathairn, 8 Feabhra 2025

30/1/2025

 
Picture
Tá turas trí Ghaeilge á eagrú againn ar Theach an Chustaim, Dé Sathairn, 8 Feabhra 2015, ag 11:00r.n.
Mairfidh an turas uair an chloig, nó píosa beag níos lú.

Tá an líon áiteanna ar an turas teoranta.
Mar sin, má bhíonn suim agat beimid buíoch díot má théann tú i dteagmháil linn go luath, agus roimh 5 Feabhra más féidir leat.

Rachaimid le haghaidh caife, nó lóin, i ndiaidh an turais.

Cruinniú Cinn Bhliana - Déardaoin - 23 Eanáir 2025

16/1/2025

 
Picture
Na Cnocadóirí - Cruinniú Cinn Bhliana

Tionólfar Cruinniú Cinn Bhliana an chlub Déardaoin, 23 Eanáir, 2025 ag 7.30 i.n. i Seomra na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.
 
Má bhíonn rún nó moladh agat le cur faoi bhráid an chruinnithe bheinn buíoch dá gcuirfeá chuig [email protected] é roimh 9 Eanáir 2025.

Is do bhaill amháin an Cruinniú Cinn Bhliana.

Siúlóid Éasca - Dé Domhnaigh, 19 Eanáir 2025 - Cill Chomhaid

14/1/2025

 
​Siúlóid Éasca: Cosán an Aifrinn ó shéipéal Naomh Pádraig i gCill Chomhaid (Kilquade) trí Chill Chomhghaill (Kilcoole) go dtí an fharraige agus ar ais. 
Bhí an cosán sin in úsáid go dtí 1986 nuair a tógadh an séipéal i gCill Chomhghaill
Fad: 9.5km, 2 uair go leith an chloig ag siúl.
Ní siúlóid sléibhe í seo, ach tá seans go mbeidh an cosán fliuch ná lábach in áiteanna.
Picture

​Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). 
Imeoimid ag 10:00 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: 11:00 r.n. ag an Arboretum (Ionad Garraíodóireachta) i gCill Chomhaid (Kilquade). Eircode A63 PR80
O 280 085 nó N53.1123 W6.0888
Tá ionad páirceála ar thaobh an bhóthair trasna ón Arboretum. Agus beidh roinnt spásanna i gcarrchlós an Arboretum féin.
Lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Treoraí: Seán 
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait, nó má bhíonn síob uait nó síob le tabhairt agat téigh i dteagmháil linn.
Tar éis na siúlóide beidh bia/lón le fáil i gcaifé an Arboretum.

Oíche Chártaí  - Déardaoin, 2 Eanáir 2025 -  Óstán Buswell

31/12/2024

 
Picture
Mar chéad imeacht na hAthbhliana beidh oíche chártaí againn an Déardaoin beag seo - 2 Eanáir 2025.
Beimid in Óstán Buswell, Sráid Theach Laighean - Molesworth St, ó 7:30pm ar aghaidh.

Cluiche Cártaí 25 a bheidh á imirt againn.
M
ura mbíonn an cluiche ar eolas agat míneofar na rialacha duit.
Go raibh tú ann agus go mbaine tú taitneamh as an gcomhluadar.

Agus go raibh athbhliain faoi mhaise agat.
​

<<Previous
Forward>>
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly