nó chun ballraíocht nua a ghlacadh
Brúigh an cnaipe chun do bhallraíocht a athnuachan, nó chun ballraíocht nua a ghlacadh Má athnuann/ghlacann tú do bhallraíocht anois mairfidh sí go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2022.
![]() Deilginis Teacht le chéile: 6:30 pm ag stáisiún traenach Dheilginise. Traenacha: Fágann traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:57, 18:08 agus 18:14 a shroicheann Deilginis ag 18:31, 18:42 agus 18:49 faoi seach. Fágann traenacha Stáisiún Bhré ag 18:15,18:25 agus 18:35 a shroicheann Deilginis ag 18:27, 18:37 agus 18:47 faoi seach. An tSiúlóid: Cuan na Coille Móire, Páirc Uí Dhiolúin, An Charraig Bhán, Bóthar Vico, Cnoc Chill Iníon Léinín, Deilginis. Treoraí: Daithí Beidh deoch againn i dteach tábhairne i nDeilginis tar éis na siúlóide Beidh Fáilte roimh chách. ![]() Dioghais, Cnoc a’Bhairr, Slí Chualann Siúlóid mheánach: Fad 12 km, dreapadh 500 m 4 – 4.5 huaire an chloig ------------ Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn. Nó Tús na siúlóide: Carrchlós Choill Dhioghsa (An Loch) (Tagairt eangaí – O 210 109 nó N53.1354, W6.1922) Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. Críochnóimid idir 3.30 agus 4:00 i.n. Treoraí: Deaglán Ó Neill Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn nó le Deaglán. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg, ar dheis ansin ar an R755 agus an R760 ar feadh 4 km. Ansin ar chlé ar Long Hill Road agus sroichfidh tú an carrchlós ar dheis tar éis 4 km. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html ![]() Baile an Mhuilinn An tseachtain seo chugainn beimid ag siúl i gceantar Bhaile an Mhuilinn agus Dhún Droma Teacht le chéile: 6:30 pm ag an Stáisiún Luas Bhaile an Mhuilinn An tSiúlóid: Siúlóid lúibe trí Bhaile an Mhuilinn, ar bhruach na Dothra, taobh le gailfchúrsa Bhaile an Mhuilinn. Beidh trácht ar fhear áitiúil a cailleadh i 1916 agus cloisfear sliocht as aoir ar na daoine saibhre a raibh cónaí orthu san dúthaigh. Mairfidh an tsiúlóid 2 uair an chloig. Treoraí: Fionn Beidh deoch againn tar éis na siúlóide san Dropping Well i mBaile an Mhuilinn. ![]() Dé Sathairn, 28 Bealtaine. Taisteal go Cathair Ard Mhacha. Beidh comh-úsáid gluaisteán i gceist, nuair is féidir. Nó is féidir taisteal poiblí a úsáid. Teacht le chéile: 9:50 i.n. ag clós Ardeaglais Eaglais na hÉireann (an ceann sa ghrianghraf seo) Beidh treoraí le Gaeilge againn chun roinnt de na suíomhanna seo a thaispeáint agus a mhíniú dúinn - Ardeaglais Eaglais na hÉireann, an Ardeaglais Chaitliceach, an Réaltlann agus an Phláinéadlann, Leabharlann Robinson, Iarsmalann an Chontae, Eamhain Macha, Páirc Foraoise Gosford, Iarsmalann na Royal Irish Fusiliers, Príosún Ard Mhacha, agus tuilleadh. Fanfaimid i lóistín oíche. Dé Domhnaigh, 29 Bealtaine. Teacht le chéile: 10:45 i.n. ag Páirc Foraoise Shliabh gCuillinn, le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00. Tagairt eangaí J 041 197 nó N54.1158 , W6.4087, Siúlóid measartha éasca atá i gceist, thart ar 12 km ar fad agus dreapadh 600 m. Agus tá rogha maith de shiúlóidí níos éasca sa Pháirc Foraoise freisin Taisteal abhaile ina dhiaidh sin. ------------------------------------------------------ Má bhíonn suim agat, beidh trí rogha agat: (a) An dá lá agus oíche Shathairn (agus oíche Aoine freisin, más mian leat) a chaitheamh in Ard Mhacha. Ta liosta B&B curtha le chéile. Nó (b) Cuairt a thabhairt linn ar an gcathair Dé Sathairn amháin, gan fanúint that oíche, Nó (c) An tsiúlóid a dhéanamh Dé Domhnaigh amháin. Tá réimse B&B/Lóistín Oíche ar fáil in Ard Mhacha, m.sh. Charlemont Arms, The Meadows, Hillview Lodge, The Rose Luxury Self-Catering Accommodation, Costas: Beidh ort íoc as do chostais féin i.e. B&B, béilí, taisteal, bia, táille isteach ag na suíomhanna etc. Eagraí: Tadhg ------------------------------------------------ Má tá suim agat sa turas seo, téigh i dteagmháil linn chomh luath agus is féidir . ![]() Binn Éadair Teacht le chéile: Stáisiún traenach Bhinn Éadair. Am: 6:30 i.n. Déardaoin 12 Bealtaine 2022 Beimid ag siúl ar chosán i mBinn Éadair. Má bhíonn na róslabhrais (rhododendrons) faoi bhláth i bhfearann an chaisleáin rachaimid chun iad a fheiceáil. Siúlóid éasca a bheidh i gceist - ní ghá buataisí sléíbhe a chaitheamh, is leor bróga reatha. Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2.5 uair an chloig. Treoraí: Eileen Téigh i dteagmháil linn má bhíonn tuilleadh eolais ag teastáil, nó chun socrú a dhéanamh. Taisteal go Binn Éadair: Is féidir taisteal ar an Dart nó ar Bhus 6 nó H3 ó Shráid na Mainistreach. Beidh fáilte roimh chách. Beidh deoch againn i dteach tábhairne i mBinn Éadair i ndiaidh na siúlóide. |
Eolas fúinnClub cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha. Do BhallraíochtNa déan dearmad do bhallraíocht bhliantúil a athnuachan. Rannóga
All
|