Tá grúpa ó Na Cnocadóirí chun páirt a ghlacadh ann. Má tá suim agat dul, ní mór duit do lóistín féin a shocrú agus post a chugainn ionas go mbeimid in ann comh-úsáid carranna a eagrú.
Tá eolas faoin bhFéile agus faoi lóistín thíos
|
Tá Glór na nGael ag eagrú Féile Siúlóide i nGleann Cholm Cille, 29/30 Meán Fómhair 2017.
Tá grúpa ó Na Cnocadóirí chun páirt a ghlacadh ann. Má tá suim agat dul, ní mór duit do lóistín féin a shocrú agus post a chugainn ionas go mbeimid in ann comh-úsáid carranna a eagrú. Tá eolas faoin bhFéile agus faoi lóistín thíos Seo siúlóid atá á eagrú ag Oifig na Gaeilge, ag an gCumann Gaelach in UCD agus ag Na Cnocadóirí. Siúlóid: Geataí Guinness, Cnoc Bhaile na Fuinseoige, Loch Deán. Cur síos: Siúlóid measartha éasca ar chosáin agus ar bhóithre coille (2.5 – 3 huaire ag siúl) Tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna ach ní bheidh aon ghá le buataisí sléibhteoireachta – oirfidh bróga reatha . Fad: 10 km Dreapadh: 300m Áit chruinnithe: 9:30 r.n. in Belfield Nóta: Beidh na micléinn ag imeacht i mbus ón stad ceann aistir bus (bus terminus) in Belfield. Mar sin ní bheidh áit chruinnithe againn ag Ceanncheathrú an BSL. Beidh spás ar an mbus do ~8 Cnocadóirí. Faraor - níl aon spás fágtha ar an mbus anois (7/9/2017) nó Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag Geataí Guinness, ar an mbóthar ón Tóchar go dtí Bearna Bhealach Sailearnáin (tagairt eangaí - O 172 064 nó N53.0957, W6.2510). Tosóimid ag siúl ag 10:45 r.n. Treoraí : Seán Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta spás ar an mbus a chomhordú. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath - tiomáin ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 i dtreo an Tóchair. 3km roimh an Tóchar (ag cúinne Kennedy’s) cas ar dheis ar an R759, i dtreo Bhearna Bhealach Sailearnáin (tá comhartha bóthair ag an ngabhal). Lean an R759 ar feadh 4 km agus beidh an carrchlós ar thaobh na láimhe deise. Nó lean an nasc seo ar Google Maps. Siúlóid: Gleann Molúra, Slí Chualann Nua, Mullaigh Mhór, Leacht Cuimhneacháin Shay Elliott, Carraig Linnín Cur síos: Siúlóid mheánach – 4/5 huaire ag siúl. Fad: 15 km Dreapadh: 600 m Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (www.cnocadoiri.com/treoracha.html.) nó Tús na siúlóide: Óstán Ghleann Molúra (tagairt eangaí - T 107 909 nó N52.9573, W6.3537) Treoraí: Seán Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh, cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra, cas ar chlé agus beidh an t-óstán díreach os do chomhair. Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps Siúl Linn an Samhradh Seo!! Maigh Nuad agus Eastát Chartún Teacht le chéile: 7:00pm Stáisiún traenach Mhaigh Nuad. Fágann traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:44, 18:10 agus 18:18 a shroicheann Maigh Nuad ag 18:24, 18:48 agus 19:00 faoi seach agus a stopann ag gach stáisiún ar an mbealach. Tá traein díreach ó Stáisiún Uí Chonghaile go Maigh Nuad ag 18:05. Siúlóid: Bruach na Canálach Ríoga, Eastát Chartún, agus ar ais trí bhaile Mhaigh Nuad. Mairfidh an tsiúlóid 2 uair a chloig. Críoch: Tógfaimid deoch i dteach tábhairne, The Roost, i Maigh Nuad. Is féidir filleadh ar an gcathair ar an traein ó Mhaigh Nuad. Treoraí: Seán Tá eolas faoina traenacha anseo: http://www.irishrail.ie/media/14_m3_parkway_maynooth_longford.pdf Siúl Linn an Samhradh Seo!! Siúlóid ar an gcósta ó Dhomhnach Bat go Mullach Íde Teacht le chéile: 6:45pm Stáisiún traenach Dhomhnach Bat. Fágann traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:35, 18:02, 18:23 agus 18:40 a shroicheann Domhnach Bat ag 17:59, 18:31, 18:47 agus 18:56 faoi seach. Ní stopann gach traein ag gach stáisiún ar an mbealach. An tSiúlóid: Diméin an Droichid Nua, timpeall Inbhear an Mhóinéir Leathain go Mullach Íde. Beimid ag siúl ar an trá agus ar chosáin agus tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna. Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair a chloig. Críoch: Beidh deoch againn i dteach tábhairne i Mullach Íde. Is féidir filleadh ar an gcathair ar an traein ó Mhullach Íde, nó traein a thógáil ar ais go Domhnach Bat ag 21:10, 21:55 nó 22:55. Má tá sé ar intinn agat teacht linn, tóg greim beag bia leat le hithe ar an trá - nó le tabhairt do na healaí ag Inbhear an Mhóinéir Leathain! Treoraí: Seán Ná bíodh leisce ort glao a chur air má bhíonn eolas ar bith eile ag teastáil faoin tsiúlóid! Siúlóid: Gleann dá Loch, Na Brocaigh
Cur síos: Siúlóid measartha éasca, 4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl. Fad: 13 km Dreapadh: 500 m Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. ( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html ) nó Tús na siúlóide: An carrchlós ag Ionad na gCuairteoirí i nGleann dá Loch (ag an Óstán)- tagairt eangaí : T 127 968 (nó N53.011, W6.324) . Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n. Treoraí : Déaglán Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag dul ó Bhaile Átha Cliath: - Lean an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Ag an Láithreach gabh díreach ar aghaidh agus sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh clé tar éis 2 km . Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps. Siúl Linn an Samhradh Seo! Beimid ag siúl cois farraige Dheisceart na Cathrach an uair seo. Teacht le chéile: 6:30 ag Staisiún Dart Rinn na Mara (Seapoint). Bealach na siúlóide : Rinn na Mara ... Baile na Manach .. cuairt ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar Chearnóg Belgrave.... Cois Farraige go Cuas an Ghainimh/Glas Tuathail. Treoraí: Daithí Siúlóid: Ceatharlach go Muine Bheag, ar bhruach na Bearú (River Barrow). Cur síos: Siúlóid éasca réidh, 16 - 18 km, 5 huaire an chloig ag siúl. Áit chruinnithe: Stáisiún traenach Heuston ag 8:50 r.n. (Oifig na dTicéad, ag an mbealach isteach ón Shráid Eoin) chun an traein ag 9:10 r.n a fháil. nó Tús na siúlóide: Stáisiún traenach Cheatharlach. Tosóimid ag siúl ag 10:10 r.n. Tógfaimid an traein ar ais ó Mhuine Bheag ag 16:04 a bheidh i Stáisiún Heuston ag 17:10. Nóta: Tá gnáthchostas 15 Euro an bealach (i.e. each way) ar an traein. Treoraí : Breandán Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil Siúl Linn an Samhradh seo! Beimid ag siúl i lár na cathrach an uair seo. Teacht le chéile -7.00pm ag cúinne Dhroichead Uí Chonaill agus Ché Éidin. Siúlfaimid ar na Céanna Thuaidh chomh fada le Droichead Samuel Beckett agus ar aghaidh go dtí bruach na Canálach Móire. Leanfaimid an chanáil go Raghnallach. Ar ais linn don chathair go Lána Áine (Sráid Áine) go Tábhairne Zosimus, áit a mbeidh Pop-up Gaeltacht mhí Iúil ar siúl. Siúl Linn an Samhradh seo! Bealach na siúlóide: Cill Droichid, Teach Bhaile an Chaisleáin agus an Iothlainn Aisteach (Castletown House agus an Wonderful Barn). Am: 6:30pm Bialann Michaelangelo ar an bPríomhshráid i gCill Droichid Busanna: 67 ó Chearnóg Mhuirfean ag 17.20 agus 67X ó Shráid Westmoreland ag 17.30. Ag Tiomáint - N4 go Acomhal 5 i dtreo Chill Droichid. Sa sráidbhaile téigh trasna an droichid agus cas ar dheis ar an bPríomhshráid. Lean díreach ar aghaidh 350m. Treoraí: Déaglán Seo NASC ar Google Maps go dtí tús na siúlóide. |
Do Bhallraíocht
Na déan dearmad do bhallraíocht bhliantúil a athnuachan. Eolas fúinnClub cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha. Rannóga
All
|
|
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag gcoiste deonach. |
Ar ais go barr an leathnaigh
Abhaile |