Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Féilire
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2020
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Saoire Siúlóide  - Tenerife, 16 - 22 Feabhra 2019

9/2/2019

 
Picture
Picture
​Sléibhte, Siúlóidí agus Farraige   16 - 22 Feabhra 2019
​
Seachtain a chaitheamh ag siúl sna hOileáin Chanáracha
Beimid ag siúl ar chosáin sléibhe agus ar chosáin cois cósta
 
Seans bailte beaga agus cultúr an Oileáin a bhlaiseadh 
Níor ghá go gcaithfeadh daoine seachtain iomlán ann mura n-oirfeadh sin dóibh.
​

 Lóistín: Beimid ar lóistín i Puerto deĺ la Cruz. Déanfaimid iarracht a chinntiú go mbeidh gach duine ag fanacht sa lóistín céanna nó ar a laghad gar dá chéile.

Ach beidh sé cóngarach don stáisiún bus agus don trá.
​
Siúlóidí: Is féidir busanna a fháil go héasca chuig tús na siúlóidí sa cheantar máguaird.
Beidh saoirse ag daoine gan dul ag siúl roinnt de na laethanta más mar sin is fearr leo é.
Déanfar iarracht siúlóidí deacra agus éasca a eagrú. 
Eitiltí: Cuirfidh gach duine a eitilt féin in áirithe. Is é aerfort Tenerife Theas an t-aerfort is cóngaraí de Puerto de la Cruz.

Is féidir eitilt a fháil le Aer Lingus agus le Ryanair chuig an aerfort sin agus bus a thógáil ón aerfort go Puerto de la Cruz.
Cuirfear am na n-eitiltí a bheidh á dtógáil ag an ngrúpa ar fáil.
 
Teagmháil: Má tá spéis agat sa tsaoire seo, dá bhféadfá ríomhphost a chur chuig cnocadoiri@yahoo.com - chomh luath agus is féidir leat.
Picture

22 - 29 Iúil 2018 - Siúl Sléíbhe san Ostair - Stubaital

1/7/2018

 
Picture
Picture
​​Stubaital, 993 m, 25 km ó Innsbruck
Tá bonneagar an-mhaith ann;
- Gréasán leathan cuimsitheach de chosáin,
- Léarscáileanna, treoirleabhair,
- Óstáin, tithe lóistín, siopaí,
- Iompar poiblí, ardaitheoirí sciála,
- Linnte snámha.

Siúlóidí      Go leor leor ar fáil:
 -  ón ngleann nó ó bharr ardaitheoirí sciála,
 -  idir uair an chloig amháin agus 7 n-uaire an chloig 
Eagrófar siúlóid amháin nó dhá shiúlóid gach lá.
Eagrófar oíche amháin i mbrú go hard sna sléibhte, dóibh siúd a mbeidh suim acu ann.

Beidh treoir ar fáil do dhaoine le tabhairt faoi shiúlóidí gearra ar a gconlán féin. 
Siúlóidí gearra agus radharcanna ag barr ardaitheoirí, m.sh. Peiljoch, Niederl, Top of Tirol.
Lóistín i Neustift im Stubaital, 993m ; Seo sampla - praghas an duine i seomra do bheirt, le bricfeasta, seacht n-oíche
        Pension Tina: €320
        Feirm Hieserhof: €330 (le balcóin & Stubai Super Card)
        Gasthof Kratzerwirt: €330 (le balcóin & Stubai Super Card) Dinnéar 4 chúrsa ar €15
​
Brúanna ag barr sléibhe  - Lóistín leathlóistín suas le €59​
Picture
Lochanna deasa          Blaue Lacke, Grünausee, Mutterberger See
 Stubai Super Card    Busanna,  Ardaitheoirí, Tram, Linn snámha, &rl
 

Éiteas an Turais  Eagrófar an turas ar an mbonn go nglacfaidh gach duine sa ghrúpa seilbh ar a f(h)orbairt féin, i gcomhar le héiteas, agus luachanna Na Cnocadóirí  agus Sléibhteoireacht Éireann (www.mountaineeringireland.ie ).
Taisteal
Sampla d'eitiltí;
Aer Lingus      BÁC – Munich Dé Domh 22 Iúil 07:10, ar ais Dé Domh 29 Iúil  20:25  €205
Ryanair           BÁC – Munich Dé Domh 22 Iúil 06:15, ar ais Dé Domh 29 Iúil  21:10  €135
Traein              Munich go Innsbruck : 3 huaire, €20 - €50
Bus                   Innsbruck go Neustift im Stubaital : 45 nóiméad,  €13

An Chéad Chéim eile
Faigh blaiseadh den áit trí do chuid taighde féin a dhéanamh ar líne, agus téigh i dteagmháil le:        Na Cnocadóirí ag cnocadoiri@yahoo.com
 
Costas Iomlán: ar a laghad €1,000 an duine.

Nóta: Ní mór duit bheith i do bhall chun teacht ar an turas seo.

An Cháisc, 30 Márta - 2 Aibreáin, An Cabhán

18/3/2018

 
Picture
Béal Átha Conaill,
Co. an Chabháin

 
Siúlóidí Sléibhe:
Dé Sathairn, 31 Márta 2018:
Binn Chuilceach go Log na Sionainne 
Dé Domhnaigh, 1 Aibreáin 2018:
An Bhinn Bhreac agus The Playbank
 
Roghanna eile: Beidh siúlóid éasca ann gach lá freisin, m.sh Foraois an Bhábhúin Bhuí, Canáil Bhéal Átha Conaill, Eastát na Croma, Slí na Mianadóirí
 
Dé Luain, 2 Aibreáin 2018:
Turas treoraithe trí Ghaeilge ar Bhoirinn/Páirc Bhoirne, cuairt ar Uaimheanna na hÁirse Marmair 

Costas: Costas an bhia, an teasa agus an leictreachais.
 
Téigh i dteagmháil linn má tá suim agat sa deireadh seachtaine.
Tá an spás teoranta agus mar sin ná fan ródhéanach. Tabharfar céad áit do dhaoine a bheidh chun an trí oíche a chaitheamh. Ní mór bheith i do bhall chun teacht ar an turas.

Turas don Ostair - Cruinniú, Toners, 7.00pm, 8 Nollaig 2017

28/11/2017

 
Tá Emer Ní Bhrádaigh chun turas go dtí an Ostair a eagrú i samhradh na bliana 2018.
 
Mar achoimre, séard a bheidh i gceist ná seachtain a chaitheamh i sráidbhaile sa Stubaital, píosa beag ó dheas ó Innsbruck agus siúlóidí lae a dhéanamh gach lá.
 
Tá rogha leathan siúlóidí sa cheantar – idir shiúlóidí gearra cois locha agus siúlóidí 2-3 lá sna sléibhte arda - agus gach rud eatarthu.
Nó is féidir am a chaitheamh ag amharc ar na radhairc nó dul ar thurais go hInnsbruck etc. Beidh rogha ann do gach duine.
 
Beidh cruinniú gearr againn faoin turas in Toners Pub 7:00pm ar an 8 Nollaig 2017, díreach roimh Chóisir na Nollag.
Pléifear sonraí an turais – dátaí, taisteal, lóistín, siúlóidí, an ceantar féin etc.
Má tá suim agat sa turas bí ann, chun tuilleadh eolais a fháil, chun do thuairimi nó do mholtai a nochtadh, nó chun tú féin a spreagadh chun teacht ar an turas.

Deireadh Seachtaine sa Bhreatain Bheag     -      27/10 -30/10

17/10/2017

 
Picture
Blas na Breataine Bige
Blas o Gymru

 
Tar linn agus caith deireadh seachtaine ag siúl sa Bhreatain Bheag ar Cosán Cósta Ceredigion / Llwybr Arfordir Ceredigion ​


Picture
Dáta:  An deireadh seachtaine fada i Mí Dheireadh Fómhair – Aoine 27/10 – Luan 30/10

Ionad: An brú in Tresaith, sráidbhaile beag, 40 km ó Fishguard,
Faigh an áit ar Google Maps ag  N52.1346, W4.5152
​

 Labhraítear an Bhreatnais sa sráidbhaile.

Siúlóidí:  2 lá iomlán ag siúl agus leath lae amháin
Ní siúlóidí sléibhe iad seo, ach ag an gcladach agus ar aillte mara i gceantar fíor álainn. Beidh roinnt mhaith dreaptha i gceist

Costas:     €130
San áireamh sa chostas seo:
                        Bád ó Ros Láir,        Aoine 27 Deireadh Fómhair ag 6:10 pm;
                        Bád ó Fishguard,    Luan 30 Deireadh Fómhair ag 1:10 pm;
                        Taisteal áitiúil ón mbád agus go dtí tús na siúlóidí;
                        Lóistín 3 oíche sa bhrú;
                        Bia le haghaidh 3 bhricfeasta agus 3 lón.
                       Dinnéar ar an Satharn
 
As an áireamh ón gcostas seo:
                        Taisteal go Ros Láir  - beidh co-úsáid gluaisteán i gceist;
                        Dinnéar ar an Domhnach;
                        Cúpla pionta ar ndóigh.
​
Cuir ríomhphost chugainn  má tá suim agat sa turas. (cnocadoiri@yahoo.com)

Féile Siúlóide - Gleann Chom Cille -  29/30 Meán Fómhair 2017

16/9/2017

 
Tá Glór na nGael ag eagrú Féile Siúlóide i nGleann Cholm Cille, 29/30 Meán Fómhair 2017.
 
Tá grúpa ó Na Cnocadóirí chun páirt a ghlacadh ann. Má tá suim agat dul, ní mór duit do lóistín féin a shocrú agus post a chugainn ionas go mbeimid in ann comh-úsáid carranna a eagrú.
Tá eolas faoin bhFéile agus faoi lóistín thíos
 
Picture
Picture
<<Previous
Forward>>

    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.
    Is féidir é a dhéanamh ar líne

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Grianghraif 2018
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly