Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Turas don Ostair - Cruinniú, Toners, 7.00pm, 8 Nollaig 2017

28/11/2017

 
Tá Emer Ní Bhrádaigh chun turas go dtí an Ostair a eagrú i samhradh na bliana 2018.
 
Mar achoimre, séard a bheidh i gceist ná seachtain a chaitheamh i sráidbhaile sa Stubaital, píosa beag ó dheas ó Innsbruck agus siúlóidí lae a dhéanamh gach lá.
 
Tá rogha leathan siúlóidí sa cheantar – idir shiúlóidí gearra cois locha agus siúlóidí 2-3 lá sna sléibhte arda - agus gach rud eatarthu.
Nó is féidir am a chaitheamh ag amharc ar na radhairc nó dul ar thurais go hInnsbruck etc. Beidh rogha ann do gach duine.
 
Beidh cruinniú gearr againn faoin turas in Toners Pub 7:00pm ar an 8 Nollaig 2017, díreach roimh Chóisir na Nollag.
Pléifear sonraí an turais – dátaí, taisteal, lóistín, siúlóidí, an ceantar féin etc.
Má tá suim agat sa turas bí ann, chun tuilleadh eolais a fháil, chun do thuairimi nó do mholtai a nochtadh, nó chun tú féin a spreagadh chun teacht ar an turas.

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly