Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Saoire Siúlóide  - Tenerife, 16 - 22 Feabhra 2019

9/2/2019

 
Picture
Picture
​Sléibhte, Siúlóidí agus Farraige   16 - 22 Feabhra 2019
​
Seachtain a chaitheamh ag siúl sna hOileáin Chanáracha
Beimid ag siúl ar chosáin sléibhe agus ar chosáin cois cósta
 
Seans bailte beaga agus cultúr an Oileáin a bhlaiseadh 
Níor ghá go gcaithfeadh daoine seachtain iomlán ann mura n-oirfeadh sin dóibh.
​

 Lóistín: Beimid ar lóistín i Puerto deĺ la Cruz. Déanfaimid iarracht a chinntiú go mbeidh gach duine ag fanacht sa lóistín céanna nó ar a laghad gar dá chéile.

Ach beidh sé cóngarach don stáisiún bus agus don trá.
​
Siúlóidí: Is féidir busanna a fháil go héasca chuig tús na siúlóidí sa cheantar máguaird.
Beidh saoirse ag daoine gan dul ag siúl roinnt de na laethanta más mar sin is fearr leo é.
Déanfar iarracht siúlóidí deacra agus éasca a eagrú. 
Eitiltí: Cuirfidh gach duine a eitilt féin in áirithe. Is é aerfort Tenerife Theas an t-aerfort is cóngaraí de Puerto de la Cruz.

Is féidir eitilt a fháil le Aer Lingus agus le Ryanair chuig an aerfort sin agus bus a thógáil ón aerfort go Puerto de la Cruz.
Cuirfear am na n-eitiltí a bheidh á dtógáil ag an ngrúpa ar fáil.
 
Teagmháil: Má tá spéis agat sa tsaoire seo, dá bhféadfá ríomhphost a chur chuig [email protected] - chomh luath agus is féidir leat.
Picture

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly