Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Rian Glas na nDéise - 27, 28, 29 Meán Fómhair 2019

21/9/2019

 
Picture
Tar go Dún Garbhán chun siúl nó rothaíocht ar Rian Glas na nDéise linn.
Idir Dún Garbhán agus Port Láirge atá
​Rian Glas na nDéise
.
​Tá sé 46 ciliméadair ar fhad.

Leanann sé bealach an tsean-iarnróid a cheangail an dá bhaile tráth. 
Is féidir an Rian a shiúl nó a rothaíocht. 
Aoine 27/9 -teacht le chéile i nDún Garbhán.  
Satharn 28/9 - ag siúl agus ag rothaíocht ar an Rian  
Domhnach 29/9 - siúlóid measartha éasca

Beimid ag comh-úsáid gluaisteán chun taisteal go Dún Garbhán. 
Freisin, tá seirbhís bus idir Baile Átha Cliath agus Dún Garbhán.

Is do bhaill cláraithe leis Na Cnocadóirí amháin an turas seo.

Tá lóistín i nDún Garbhán curtha in áirithe cheana féin ag roinnt Cnocadóirí. Má tá suim agat teacht, molaimid duit lóistín a chur in áirithe láithreach nó chomh luath agus is féidir toisc go bhfuil an-éileamh ar lóistín an deireadh seachtaine sin.
Tá roghanna maithe ar fáil ar Airbnb.ie/Dungarvan agus is féidir uimhreacha B&B a fháil ón oifig turasóireachta i nDún Garbhán (058-417411).
Má bhíonn deacrachtaí agat lóistín a aimsiú, cuir ríomhphost, le do uimhir ghutháin le do thoil chuig cnocadoirí@yahoo.com


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly