Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 24 Lúnasa 2025 - Baile na Stuaí

12/8/2025

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Baile na Stuaí (Ballinastoe), Leac chuimhneacháin J. B. Malone, An Cnoc Bán, Gleann Sruthláin.
Fad: 14 km, Dreapadh: 600 m, 4.5 huaire an chloig ag siúl
Críochnóimid idir 3:30 agus 4:00 i.n.
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89)
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn. 
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós Choill Bhaile na Stuaí (O 194 079 nó N53.1071, W6.2174)
NB – Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Bíonn an carrchlós seo an-gnóthach le rothaithe.
 
Treoraí: Deaglán
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn nó leis an treoraí.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: tiomáin ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 i dtreo an Tóchair. Tar éis 9.5 km ag an gcrosbhóthair cas ar dheis ar an L5036. Ag deireadh an bhóthair seo cas ar chlé agus beidh an t-ionad páirceála ar thaobh na láimhe deise tar éis 250m ag Ballinastoe Mountain Bike Trail. 
Lean an  nasc seo go dtí tús na siúlóide.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
​
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 21 Lúnasa 2025 - Tigh an Chnoic

7/8/2025

 
Picture
Tigh an Chnoic – Ticknock
Teacht le chéile: 6:30 pm, Carrchlós Thigh an Chnoic (O 171 241 nó N53.2537, W6.2466)
An tSiúlóid: Tigh an Chnoic, Binn Trí Charraig, (3 Rock), Fairy Castle, Carrchlós Thigh An Chnoic
Mairfidh an tsiúlóid 2 uair an chloig.


Treoraí: Tadhg 
​

Treoracha go dtí tús na siúlóide:
On M50: Tóg an bealach amach ag Acomhal 13 do Áth an Ghainimh (Sandyford) agus Dún Droma. Ansin Bóthar Ghort an Bhreithimh (R133), Bóthar na Gráinsí (R822), Bóthar Bhaile Uí Cheallaigh, Bóthar Thigh an Chnoic, Carrchlós Thigh an Chnoic.

Ó Ráth Fearnáin: Bóthar na Gráinsí (R822), Bóthar Bhaile Uí Cheallaigh, Bóthar Tigh an Chnoic, Carrchlós Tigh an Chnoic.
Busanna on chathair go Ráth Fearnáin:
16  - Sráid Uí Chonaill (Stad 2575) go hEaglais Ráth Fearnáin/Yellow House (Stad 3565)
15B - Sráid Sheoirse Mhór Theas (Stad 2674) go hAscaill Ghort an Ime (Butterfield Avenue) (Stad 3465)


Bíonn sé deacair dul go Tigh an Chnoic gan ghluaisteán. Téigh i dteagmháil linn má bhíonn síob de dhíth ort ón Yellow House i Ráth Fearnáin. 

Beidh deoch againn sa teach tábhairne,  The Yellow House, 1 Bóthar Willbrook, i ndiaidh na siúlóide.

Beidh Fáilte roimh chách.

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 14 Lúnasa 2025 - Leamhcán

6/8/2025

 
Picture
Is in iarthar na cathrach a bheidh ár dtriall an Déardaoin beag seo.

Bealach na Siúlóide - Diméin Leamhcáin agus Páirc Naomh Caitríona.
Teacht le chéile - McDonalds i Leamhcáin ag 6.30 i.n. 
Busanna C3 nó C4 ón gcathair go stad 3887 nó bus 52 go stad 7186

Treoraí - Deaglán

Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a 'chloig.
Beidh deoch againn sa teach tábhairne The Ball Alley i Leamhcán i ndiaidh na siúlóide 

Fáilte Roimh Chách.
Siúil Linn an Samhradh Seo

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 10 Lúnasa 2025 - Droim Goth

4/8/2025

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Carrchlós Foraoise Dhroim Goth, Slí Cualann Nua, Cruachán Mhaigh Ráth, Mullach, Droim Fhán an Iarainn.
Fad: 12 km, Dreapadh: 500 m, 3.5 huaire an chloig ag siúl
​

Picture
Tús na siúlóide: 10:45r.n. ag Carrchlós Foraoise Dhroim Goth (Drumgoff Forest Car Park) - Tagairt Eangaí: T 094 889 nó N52.9402, W6.3738).
NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn

Treoraí: Breandán 
​
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn.
​

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar R755. Tar éis 23km cas ar chlé ar R755. I ndiaidh 1.4km, gabh ar dheis ar L2083. Tar éis 7.7km, díreach tríd an gcrosbhóthair i dtreo Achadh Mheánach (Aghavanagh), beidh an carrchlós ar do thaobh deas tar éis 3km. 
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html



Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 7 Lúnasa 2025 - Binn Éadair

29/7/2025

 
Picture
Beimid ag siúl ar Cheann Bhinn Éadair an Déardaoin seo!

Bealach na Siúlóide - Ón stáisiún traenach leanfaimid an seantramlíne go dtí an barr agus ar ais cois aillte go dtí an sráidbhaile.
Teacht le chéile - An stáisiún traenach i mBinn Éadair ag 6.30 i.n.
Treoraí      Eileen W 

Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a'chloig
Beidh deoch againn i dteach tábhairne áitiúil tar éis na siúlóide
Fáilte Roimh Chách
Siúil Linn an Samhradh Seo

Siúlóid Éasca - Dé Domhnaigh, 3 Lúnasa 2025 - (Baile) Chill Mhantáin

28/7/2025

 
Siúlóid Éasca: Aill Thrá an Ghleanna, Dún Borr, Cill Mhantáin
Ní siúlóid sléibhe í seo, ach tá seans go mbeidh an cosán lábach in áiteanna.
Fad:
 9.5km, gan aon dreapadh,  3.5 uair an chloig ag siúl
​
Picture
Tús na siúlóide: 11:00 r.n. ag Carrchlós Shiúlóid Aille Thrá an Ghleanna, Bóthar Dhún Borr, Cill Mhantáin

Tagairt eangaí:
 T 328 931 nó N52.9727, W6.0242
Lean an nasc seo go dtí tús na siúlóide

Taisteal: Bus Éireann 133 as Busáras ag 08:15.  Nasc chuig Bus Eireann.
(Níl aon traein oiriúnach ar fáil Dé Domhnaigh ag an am sin. Nasc chuig Iarnród Éireann)

Treoraí: Colm 
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait, nó má bhíonn síob uait nó síob le tabhairt agat téigh i dteagmháil linn ag an seoladh seo.

Tar éis na siúlóide beidh sólaistí againn i mBaile Chill Mhantáin

<<Previous
Forward>>

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly