Brúigh ar aon imeacht sa liosta seo chun tuilleadh eolais a fháil.
1 Comment
Agus an Fómhar ann anois (agus an Geimhreadh ag druidim inár dtreo) táimid chun tús a chur lenár oícheanta cartaí arís. Rachaimid ar ais go dtí Teach Tábhairne Pipers Corner ar Shráid Mhaoilbhríde (Eircode D01 FD28) agus Oíche Chártaí againn an Déardaoin beag seo, 3 Deireadh Fómhair. Beimid ann ó 7:00pm ar aghaidh. Cluiche Cártaí 25 a imrímid i gcónaí. Níl sé casta, ach mura mbíonn an cluiche ar eolas agat míneofar na rialacha duit. Go raibh tú ann agus go mbaine tú taitneamh as an gcomhluadar. Siúlóid Sléibhe Mheánach: Gleann Dá Loch, an Loch Uachtair, Slí na Mianadóirí , Slí Chualann Fad: 15 km, Dreapadh: 650 m 4 huaire an chloig ag siúl Teacht le chéile: 10:45 r.n. An carrchlós ag an Loch Uachtair i nGleann Dá Loch - Tagairt Eangaí: T 112 964 nó N53.0068 W6.3445. NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn Treoraí: Deaglán Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Gabh an N11 go dtí Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí An Láithreach, agus an R756 go dtí Gleann Dá Loch. Buailfimid lena chéile sa charrchlós ag an Loch Uachtair (an dara carrchlós). Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide. TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas Beidh Dinnéar na Nollag againn ar an mbád ar an Life. Áit: MV Cill Áirne, Cé an Phoirt Thuaidh, Cé 16, BÁC 1, D01 XE03. Os Comhair an Ionaid Chomhdhála Am: 6:00 i.n. Dé Sathairn, 14 Nollaig 2024 Ach má bhíonn tú ann ó 5:30 ar aghaidh beidh deis agat deoch a fháil. Praghas: 60 Euro, agus seirbhís san áireamh. Beidh fáilte romhat bheith linn. Má bhíonn suim agat teacht, bheimis buíoch dá bhféadfá an 60 Euro a íoc go luath, ach roimh 2 Nollaig 2024. Is é an bealach is éasca chun íoc as an dinnéar ná íocaíocht leictreonach a dhéanamh díreach isteach i gcuntas an Chlub. NÁ DÉAN DEARMAD D’AINM A CHUR LEIS AN ÍOCAÍOCHT. Ansin cuir ríomhphost chuig [email protected] chun a chur in iúl go bhfuil an íocaíocht déanta agat. Má bhíonn deacrachtaí agat íocaíocht a dhéanamh ar líne, nó mura mbíonn sonraí an chuntais agat, téigh i dteagmháil linn ag [email protected]. Tar éis an dinnéir, má bhíonn fonn ar dhaoine, beimid in ann fanúint ar an mbád ag ól. Ní bheidh gnáth siúlóid sléibhe againn Dé Domhnaigh, 22 Meán Fómhair 2024. Ina hionad beidh turas againn sa Rinn, Port Láirge, an deireadh seachtaine sin, lonnaithe i gColáiste na Rinne. Seo clár na siúlóidí: Dé Sathairn: Siúlóid Staire i gceantar na Rinne : 11.00rn ag an gColáiste. 3 Uair an chloig ag siúl Siúlóid sléibhe timpeall Chom Seangán: 11.00rn ag carrchlós Chill Cluana. Siúlóid mheánach: 8.0km, 700m Dé Domhnaigh: Siúlóid ar an gCoinigéar: 11.00rn. ag an gColáiste 3 uair an chloig ag siúl Siúlóid sléibhe - Abhainn agus Easanna na Machan: 11:00rn. ag carrchlós Dhroichead na Machan. Siúlóid measartha éasca: 11.0km, 400m Mura bhíonn tú le bheith linn ar an turas, ach má bhíonn suim agat páirt a ghlacadh in aon cheann de na siúlóidí, téigh i dteagmháil linn Siúlóid Sléibhe Mheánach: Droim Goth, Slí Cualann Nua, Mullach agus Droim Fhán an Iarainn, Slí Cualann Nua, Droim Goth. Fad: 18 km, Dreapadh: 700 m, 5.5 huaire an chloig ag siúl (Nóta: Tá rogha ag daoine dul suas Cruachán Mhaigh Rath – 1.8km, 120m, 40 nóiméad sa bhreis) Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html) Imeoimid ag 9.15 r.n. go cruinn. nó Tús na siúlóide: 10:45 r.n. ag ionad páirceála Lóiste Ghleann Molúra (Glenmalure Lodge) - tagairt eangaí: T 107 908 nó N52.9575 W6.3537). NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn Treoraí: Breandán Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar R755. Tar éis 23km cas ar chlé ar R755. I ndiaidh 1.4km, gabh ar dheis ar L2083. Tar éis 7.7km cas ar chlé. Tá an t-ionad páirceála ar an taobh dheis, os comhair an ‘Glenmalure Lodge’. Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós. TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas |
Eolas fúinnClub siúl sléibhe trí Gaeilge. Aimsigh ar an suíomhNaisc Thapa
All
|