Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 19 Bealtaine 2024, Tóin le Gaoith

13/5/2024

 
Picture
NB: Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:15 i.n.

Siúlóid Sléibhe Mheánach: Brocach, Tóin le Gaoith, Cnoc an Turlaigh, Cam a'Doire
Fad: 16 km, 
Dreapadh: 900 m, 5.5 huaire an chloig ag siúl. Nó is féidir píosa a bhaint de, más gá.

Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:00 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ar an R756 idir an Láithreach agus Bearna Chill Mhantáin, ag Hero Mine.
(Tagairt eangaí - T 099 982, nó N53.0235  W6.3629 ).
Bí ann ag 10:00 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:15 r.n. 

Treoraí: Máire 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn. Ma bhíonn síob déan teagmháil lá roimh ré.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath -  Imigh den M11 ag Cill Mocheanóg agus gabh an R755 go dtí an Tóchar, an Láithreach agus Ionad na gCuairteoirí i nGleann dá Loch. Ag an Ionad cas fó dheis ar an R756. Tá an carrchlós suite 4.8 km ón gcasadh sin, ar an taobh clé.  
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

 TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Peadar Ó Donnghaile
18/5/2024 11:37:13 am

Bu mhaith liom a bheith ag dul ar an siuloid a-marach ( Ton na Gaoithe 19.05.2024) ach ta feum agam (agus mo mhadra, Deó) ar lioft as Cluain Dolcain.
Ni feidir liom tiomanai an gluastain agam fhein in Eireann mus am faigh me ceadanus Eireannigh in aite mo sheann cheadanus Bhreatuinnigh. Mas feidir leat cobhair a deanu a-marach cuiribh fios chugam (Fon-phoca 089 438 1315).


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly