Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh 2024, Gleann Molúra

27/5/2024

 
Picture
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Óstán Ghleann Molúra, Cúil na Linne,  Mullaigh Mhór, Shay Elliott, Cíor Mhic Í,  Dara uaigh Airt Uí Neill, Shay Elliott arís, Na 12 Uaigh, Cúil na Linne.
Fad: 17 km, Dreapadh: 620 m

Toisc MionMharatón na mBan a bheith ar siúl ní bheidh aon chruinniú againn i lár na cathrach chun síobanna a eagrú.
​

Tús na siúlóidí: An carrchlós ag Óstán Ghleann Molúra - Mura mbíonn spás dúinn ag an óstán, seans go mbeidh ag Cúil na Linne nó is féidir dúinn tosú ag leac Shay Elliott. 
Coinnigh súil ar an ngrúpa WhatsApp.
(Tagairt eangaí - T 107 909 nó  N52.9575, W6.3537).
​
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Tadhg 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.

Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra cas ar chlé agus beidh an t-óstán díreach os do chomhair.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go tús na siúlóide.

​
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly