Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid Staire, Dé Domhnaigh, 23 Meitheamh 2024 - Dún Droma

14/6/2024

 
Picture
Siúlóid staire agus cultúir i nDún Droma agus Sna Glasáin

Teacht le chéile: 11.00 r.n. Stáisiún Luas Bhaile Amhlaoibh (Balally) 
An tSiúlóid: Stáisiún Luas Bhaile Amhlaoibh, Príomhshráid Dhún Droma, Leac Cuimhneacháin Dr. Isaac Usher, Cuairt ar Reilig Naomh Naithí mar a bhfuil uaigh na nDeirfiúracha Yeats, uaigh George Johnston Stoney agus uaigheanna daoine suimiúla eile inti, Bóthar Phádraig Uí Dhúill (a cailleadh i 1916) agus Na Glasáin.

Fad: Idir 5 agus 6 km. Mairfidh an tsiúlóid 2.5 – 3 uair a chloig.

Críoch: Gar don líne Luas sna Glasáin.
Ag 3.00pm, beidh lón againn i mbialann bheag Phortaingéileach darbh ainm Alfama sna Glasáin. Chun bheith linn cuir teachtaireacht WhatsApp chuig Fionn roimh 4.00 i.n. ar an Aoine 21 Meitheamh 2024.
​
Treoraí: Fionn

Beidh Fáilte roimh Chách


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly