Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóidí Sléibhe - Dé Sathairn/Dé Domhnaigh, 11-12 Meitheamh 2022, Gleann Molúra

7/6/2022

 
Picture
Beidh siúlóid mheánach againn ar an Satharn.
Beidh siúlóid mheánach agus siúlóid éasca ar an Domhnach.

------------------------------
Dé Satharn, 11 Meitheamh 2022

Siúlóid mheánach: Gleann Molúra, Baile na Fuinseoige, Loch Airt, Clocharnach, Log na Coille, Clocharnach, Na Fiarláin, Gleann Molúra
Fad: 15 km, Dreapadh: 800 m,  Siúlóid  4 – 4.5 huaire an chloig.

Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag Mianach Bhaile na Fuinseoige (poll gairbhéil) i nGleann Molúra. (Tagairt eangaí – T 083 925 nó N52.9730 W6.3886).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Seán 
-----------------------------------
Dé Domhnaigh, 12 Meitheamh 2022
Beidh dhá shiúlóid ann – ceann meánach agus ceann éasca.

Siúlóid mheánach: Gleann Molúra, Baile na Fuinseoige, Slí na Mianadóirí, Mullaigh Mhór, An Log Dubh, Imeall Chuan an Bhealaigh, Conair an Tábla.
Fad: 14 km, Dreapadh: 700 m, Siúlóid 4 – 4.5 huaire an chloig

Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag Mianach Bhaile na Fuinseoige (poll gairbhéil) i nGleann Molúra. (Tagairt eangaí – T 083 925 nó N52.9730 W6.3886).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Seán 
------------

Siúlóid éasca : Gleann Molúra, Slí Chualann Nua i dtreo Mhullaigh Mhór

Fad: 9 km, Dreapadh: 400 m, siúlóid 3 – 3.5 huaire an chloig.
Tús na siúlóide: An carrchlós ag Lóiste Gleann Molúra - Glenmalure Lodge. (Tagairt eangaí – T 107 908 nó N52.9570 W6.3529).

Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Eileen 
----------
Treoracha go dtí tús na siúlóidí: Téigh ar an M11 o Bhaile Átha Cliath go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar (Roundwood) agus an Láithreach. Thart ar 1.5 km tar éis an Láithrigh cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra.
Tosóidh an tsiúlóid éasca ag an óstán i nGleann Molúra.

Chun dul ar na siúlóidí meánacha  cas ar dheis ag an óstán  agus sroichfidh tú an t-ionad páirceála ar an taobh clé tar éis 3 km.
Nó lean an  nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóidí
​



Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly