Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóidí Sléibhe - Dé Domhnaigh, 7 Samhain 2021 - Málainn

14/10/2021

 
Picture
Nóta: TOSÓIDH AN tSIÚLÓID SEO AG 10:00 r.n.
Siúlóid: Coill an Chorráin (Crone Wood), Málainn, agus an ceantar máguaird.
Cur síos: Siúlóid mheánach, 3.5 huaire an chloig ag siúl.
 
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89).
Imeoimid ag
9:00 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide:  Coill an Chorráin (Crone Wood car park). (Tagairt eangaí - O 193 142 nó N53.1653, W6.2169).
Líontar an carrchlós sin go luath. Mar sin, tiocfaimid le chéile ag 9:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:00 r.n.
Críochnóimid idir 2:00 agus 2:30 i.n.
 
Treoraí: Eileen
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath, téigh ar an R117 go hÁth na Sceire agus ansin go dtí Eas Chúirt an Phaoraigh (Powerscourt Waterfall). Ná téigh isteach an geata ag an eas ach lean ar aghaidh ar an mbóthar. Tá an carrchlós 2 km tar éis an easa, ar an taobh clé.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide

Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
 

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly