Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóidí Sléibhe - Dé Domhnaigh, 21 Samhain 2021 - Gleann na Smól

15/11/2021

 
Picture
Nóta: TOSÓIDH AN tSIÚLÓID SEO AG 11:00 r.n.
Beidh 2 shiúlóid againn.
-----------
Siúlóid Mheánach: Gleann na Smól, Suí Fionnagáin, An Charraig, Suíochán, An Baile Mór (Ballymorefinn)
Fad: 14 km, Dreapadh: 700 m
4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Treoraí: Seán
----------------------------------------------
Siúlóid Éasca: Gleann na Smól, Taiscumar Bhóthar na Bruíne
Fad: 9 km, Dreapadh:  0 m
3  huaire an chloig ag siúl
Treoraí: Gwyn
----------------------------------------------
Tús na siúlóide: 10:45 ag carrchlós príobháideach ag barr Thaiscumar Bhóthar na Bruíne, (Tagairt Eangaí:  O 10480 20706 nó  N53.2255, W6.3465)
Tá uimhir gutháin ag an gcarrchlós – 086 882 8415 agus costas €5 ar an bpáirceáil.
NB – Tosóimid ag siúl ag 11:0 r.n. go cruinn

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó chathair Bhaile Átha Cliath :- Gabh an R114 go Teach na Giúise (Firhouse) agus An Seanbhábhún (Old Bawn) agus lean díreach ar aghaidh. 550 m tar éis an Old Mill Tavern sa Seanbhábhún cas ar chlé ar Bhóthar Bhóthar na Bruíne (Bohernabreena Road). Lean an bóthar sin isteach sa Ghleann agus cas ar dheis tar éis 6 km. Sroichfidh tú an carrchlós ar thaobh na láimhe clé tar éis 500 m eile.
Nó lean an
nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.
​

Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly