Cur síos: Siúlóid mheánach , 4 – 4.5 huaire an chloig.
Fad: 11 km, Dreapadh: 600 m
Beimid ar ais ag na gluaisteáin ag 3:30 i.n.
Tús na siúlóide: Carrchlós Shay Elliott ar an mBóthar Míleata idir An Láithreach agus Gleann Molúra.
Tagairt eangaí – T 130 922 nó N52.9689 W6.3189
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Daithí
Nóta: Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh, cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra ag an gcomhartha bóthair. Tar éis 6 km sroichfidh tú carrchlós Shay Elliott ag an bpointe is airde ar an mbóthar.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html