Dún Laoghaire
Teacht le Chéile: 6:45 i.n. 18 Meitheamh 2020
Áit: Stáisiún DART Dhún Laoghaire
Siúlóid: Siúlóid fhillte ó Dhún Laoghaire go Deilginis. Tosóimid ar Na Miotail nó Na Ráillí - bealach do choisithe agus do rothaithe.
Fad na Siúlóide: Thart ar 8 gciliméadar, ach beidh rogha ag daoine filleadh abhaile ar an DART i nDeilginis.
Eolas: Eibhear ón gcairéal i nDeilginis a úsáideadh chun na céanna i gCalafort Dhún Laoghaire a thógáil idir 1817 agus 1821. Tógadh Na Miotail in 1817 d’fhonn an t-eibhear a iompar ón gcairéal chuig an láthair tógála.
Treoraí: Fionn
Nóta: Má bhíonn níos mó ná 15 duine againn, roinnfear an tsiúlóid i ngrúpai níos lú. Ní mór dúinn fanacht 2 mhéadar óna chéile.
Beidh Fáilte roimh chách