Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 18 Bealtaine 2017

15/5/2017

 
Picture
 Siúil linn an samhradh seo!

Beidh Liam agus Nóra ag treorú siúlóide (6km)  - timpeall champas Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (UCD), Belfield.
Buailfimid le chéile ag an charr-chlós in aice leis an seanraon reatha, ar chlé ón phríomh bhealach isteach ón N11 ag 6.30i.n.
Siúlóid dhá uair a chloig a bheidh i gceist. Beidh deis againn féachaint ar na dealbha iontacha atá go forleathan ar fud an champais.

Tar éis na siúlóide, beidh deoch againn sa teach tábhairne ar an champas, 'An Clubtheach', in aice leis an ionad spóirt nua agus cuirfear ceapairí ar fáil dúinn ansin (saor in aisce!).


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly