Beimid ag siúl i bPáirc an Fhionnuisce
Bealach na siúlóide: Tríd an pháirc go dtí geata Shéipéal Iosóid, ansin ar bhruach na Life, ansin trí Ghairdíní Cuimhneacháin an Chéad Chogaidh Dhomhanda, isteach sa Pháirc arís agus ar ais chuig The Hole in the Wall.
Buailfimid le chéile ag 18:45 ag an teach tábhairne The Hole in the Wall in Ascaill an Chiardhuibh (Blackhorse Avenue).
Is féidir na carranna a fhágáil ar thaobh an bhóthair ansin taobh istigh den pháirc,
nó bus 37 a fháil ó lár na cathrach go hAscaill an Chiardhuibh
Mairfidh an tsiúlóid thart ar dhá uair an chloig.
Beidh deoch againn sa Hole in the Wall i ndiaidh na siúlóide.
Treoraí: Anna