Beimid ag siúl i nDiméin Leamhcáin agus i bPáirc Naomh Caitríona
Buailfimid le chéile sa charrchlós ag 6.30.
Tá an carrchlós trasna an bhóthair ó MacDonalds, 500m ó shráidbhaile Leamhcáin agus tú ag dul i dtreo Léim an Bhradáin
Busanna ón gcathair (Cearnóg Mhuirfean trí Shráid Westmoreland) - 25, 66, 66A, 66B agus 67 go dtí stad 3887, (an stad díreach tar éis Ball Alley House) nó stad 3888.
Ag tiomáint ón gcathair: tóg an N4 go dtí bealach amach 3 agus ansin cas ar dheis tríd shráidbhaile Leamhcáin i dtreo Léim an Bhradáin; nó ag bealach amach 4A, cas ar chlé agus ansin ar dheis agus ar dheis arís ag an timpeallán.
Treoraí Deaglán
Seo NASC ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.