Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe -Suí Finn, Cipiúr -Dé Domhnaigh, 12 Márta 2017

7/3/2017

 
Picture
Suí Finn, Suí Fionnagáin, Cipiúr, Gleann na Life
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4/4.5 huaire an chloig ag siúl.
Beimid ar ais ag na gluaisteáin idir 4:30 agus 5:00
Fad na siúlóide: 14.5 km; dreapadh 650 m
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag Áth Dúin  : O_068_152 nó N53.1705, W6.4034
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, teigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:-
Rogha 1: Téigh ar an N81 i dtreo Bhaile Choimín. Cas ar chlé 6 km roimh Baile Choimín. Téigh 10 km ar an mbóthar sin go dtí Kippure House. Cas ar chlé ansin agus sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 1km.
        nó
Rogha 2: Téigh ar an R114 díreach ó Ráth Fearnáin (i.e Bóthar Bhóthar na Brúine) chomh fada leis an mionbhóthar idir Bearna Bhuaile na Scornaí agus Sliabh na mBánóg  agus ansin cas ar chlé ag Stone Cross go dtí tús na siúlóide tar éis 9 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri
Seán Ó Fearghail
11/3/2017 03:39:22 pm

Beidh aimsir mhaith againn ar an tsiúlóid, an ghrian ag taitneamh, gan móran gaoithe - féach air seo: https://www.yr.no/place/Ireland/Leinster/Blessington/hour_by_hour.html


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly