Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe, Siúlóid Éasca - Dé Domhnaigh, 12 Márta 2023 - Sliabh gCad

21/2/2023

 
Picture
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Gleann Chillín Chaoimhín (Hollywood Glen), Sliabh gCod (Church Mountain), Coire Breac.
Fad - 15 km, Dreapadh – 650 m, 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Treoraí: Seán 
---------------------------------------------
Siúlóid Éasca: Gleann Chillín Chaoimhín (Hollywood Glen), cosáin, bóithre feirme agus bóithre coille timpeall Shliabh gCod (Church Mountain).

Fad- 12 km, Dreapadh – 400 m, 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Treoraí: Daithí 
---------------------
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóidí: Gleann Chillín Chaoimhín ag Buaile an Chrainn (Woodenboley) ar an gcúlbhóthar go Dún Ard. (Tagairt eangaí – N 93179 02003, nó N53.0606, W6.6110)

Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
  
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N81 trí Bhaile Coimín (Blessington). 10 km tar éis Bhaile Coimín cas ar chlé ag comhartha bóthair go hÁth Gréine ar an L8341. Sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 3.5 km ar an taobh clé.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly