Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - Na Brocaí, 13 Lúnasa 2017

6/8/2017

 
Siúlóid:    Gleann dá Loch, Na Brocaigh
Cur síos:   Siúlóid measartha éasca, 4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad:           13 km
Dreapadh: 500 m
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. ( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: An carrchlós ag Ionad na gCuairteoirí i nGleann dá Loch (ag an Óstán)- tagairt eangaí : T 127 968 (nó N53.011, W6.324) .
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí :    Déaglán
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag dul ó Bhaile Átha Cliath: - Lean an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Ag an Láithreach gabh díreach ar aghaidh agus sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh clé tar éis 2 km .
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps.
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly