Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag tús an Bhóthair Mhíleata i dtreo Ghleann Molúra. Tagairt eangaí – T 139 954 nó N52.9969, W6.3024.
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 4:30 agus 5:00 i.n.
Treoraí: Daithí
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html