Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe, Giolaspar  - Little Sugar Loaf , Dé Domhnaigh, 29 Eanáir 2017

23/1/2017

 
Picture
Siúlóid: Giolaspar (Little Sugar Loaf), agus an dúiche  mórthimpeall, Ó Chualann (B’fhéidir)
Cur síos: Siúlóid éasca/mheánach, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.

Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  An timpeallán ar an N11 i gCill Mocheanóg  (tagairt eangaí - O 249 146 nó N53.1674, W6.1331
). Tosóimid ag siúl ag  11:15 r.n.

NB Tosóimid ag siúl 30 nóiméad níos luaithe ná mar is gnách
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 4:00 agus 4:30 i.n.
Treoraithe: Liam agus Nóra

Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:  Téigh ar an M11/N11 trí Chill Mocheanóg. Tá an t-ionad páirceála ar an timpeallán ar an taobh clé díreach tar éis an stáisiúin pheitril Topaz.  - Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN

Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.

Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html





 
Seán Ó Fearghail
28/1/2017 06:45:56 pm

Beidh méid áirithe báistí againn ag tús na siúlóide amárach, de réir thuar na haimsire - ach ní bheidh mórán! - http://www.yr.no/place/Ireland/Leinster/Kilmacanoge/hour_by_hour_detailed.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly