Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.0 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad na siúlóide – 13.5 km, Dreapadh - 700 m
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL -( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála i nGleann Molúra idir *Droim Mhic Eochadha (Drumgoff) agus Áth an Bharra Mhóir (Baravore Ford) (tagairt eangaí - T 083 925 nó N52.9731, W6.3895).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath :- Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra (ag an óstán) cas ar dheis arís agus tiomáin 2.5 km ar an mbealach sin go dtí go sroichfidh tú an t-ionad páirceála ar thaobh na láimhe clé. Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html