Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléíbhe, Dé Domhnaigh, 8 Mean Fómhair 2018

3/9/2018

 
Picture
​Siúlóid: Áth an Bharra Mhóir, Log na Coille, Loch Airt

Cur síos:
Siúlóid mheánach, 4.5 - 5 huaire an chloig ag siúl.

Fad na siúlóide-13 km, 
​
Dreapadh -750 m

Áit chruinnithe:
Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html 
nó
Tús na siúlóide:  Ionad páirceála ag Áth an Bharra Mhóir (Baravore Ford) i nGleann Molúra. (Tagairt eangaí - T 066 941 nó N52.9880, W6.4133). Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.

Treoraí: Seán 

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath :-  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra (ag an óstán) cas ar dheis arís agus tiomáin 4 km ar an mbealach sin go dtí go sroichfidh tú an t-ionad páirceála ag deireadh an bhóthair ag Áth an Bharra Mhóir – Baravore Ford. 
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.


Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

 
​

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly