Cur síos: Siúlóid éasca/mheánach, suas le 3.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad : 10 km, Dreapadh: 400 m
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide: Ionad Páirceála ar an mBóthar Míleata in aice le Loch Bré Uachtair.
(Tagairt eangaí: O 142 152 nó N53.1747, W6.2918)
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:00 agus 3:30 i.n.
Treoraí: Breandán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath; Ag an Yellow House i Ráth Fearnáin, cas ar dheis. Téigh 2 km agus cas ar dheis ar Bhóthar Bhaile Scallart (Scholarstown Road), agus ansin láithreach ar chlé ar Lána Stoicín / Bóthar Míleata / R115. Lean ar aghaidh 14 km go dtí an t-ionad páirceála ar an taobh clé. Tá an t-ionad páirceála sin 3 km ó dheas ó Ghleann Crí i.e 3 km tar éis an chasaidh go hIonad Athmhuintearais Ghleann Crí.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html