Fad: 16.5 km, Dreapadh: 800 m, 4.5 - 5 huaire an chloig
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóide: An carrchlós ag teach tábhairne Fenton's, An Seisceann, Gleann Ó Máil.
(tagairt eangaí : S 973 935, nó N52.9840, W6.5523 )
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Deaglán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Má bhíonn tú ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – téigh ar an N81 go Baile Coimín. Lean ar aghaidh ar an N81 agus 15 km tar éis Bhaile Coimín cas ar chlé ag an teach tábhairne The Toll House. Téigh trí Dhún Ard go dtí The Wicklow Escape i mBaile an tSléibhe (Ballinclea). Cas ar dheis díreach ina dhiaidh sin, agus ansin ar chlé i gCnoc an Aragain. Tiocfaidh tú ar Fenton's tar éis 2 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html