Siúlóid: Maoilín (Trooperstown Hill), Coill Bhaile an Luig, Droichead an Chláraigh agus ar ais.
Cur síos: Siúlóid mheánach (4 huaire an chloig ag siúl).
Dreapadh: 650 m Fad: 15 km
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós Choill Thigh an Tearmainn (Trooperstown car park) - tagairt eangaí : T 159 969 (nó N53.011, W6.275).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Treoraí: Deaglán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré, chun síobanna ó lár na cathrach a chomhordú- tríd an mbosca Comments thíos.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg. Cas ar dheis ar an R755 go dtí An Tóchar agus Áth na mBó. 2.7 km tar éis Áth na mBó (nó 2 km roimh an Láithreach) cas ar chlé ar bhóthar beag. Tá an carrchlós 450 m síos an bóthairín sin ar chlé.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
Seo nasc do tuar na haimsire.
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html