Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe, Dé Domhnaigh, 6 Nollaig 2015

6/12/2015

 
Siúlóid: Coill Bhaile Mhic Thorcail, Gleann Cuilinn, Cnoc na gCon, Cloch na gCon, An Gleann Dubh
 
Cur síos: Siúlóid mheánach/éasca , 4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.

Fad na siúlóide, 14 km, dreapadh 500m​

Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós Shlí Chualann ag Coill Bhaile Mhic Thorcail (Curtlestown).  Tagairt eangaí - O 185 169 nó  N53.1886, W6.2279 . Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 

Treoraí: Déaglán 
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath :-  Gabh an R117 go dtí Áth na Sceire. Cas fó dheis ar an L1011 i dtreo Ghleann Crí. Gabh 4.6 km go dtí an carrchlós (Baile Mhic Thorcail - Curtlestown) ar thaobh na láimhe deise.

Nó ón Sean Bhóthar Míleata R115 cas ar clé i dtreo Ghleann Crí ar an L1011. Tá an carrchlós 5.5 km ar thaobh na láimhe clé. 
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide 
 

 MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.


 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bláithín
5/12/2015 08:31:21 pm

Tabhair aire amárach ... beidh na gaoithe láidir go meán lae.. Bláithín

Seán
8/12/2015 02:09:19 pm

Ach ní raibh. Lá iontach deas ciúin, gan gaoth dá laghad. Ní raibh ach cúpla scamall ard sa spéir.


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly