Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 6  Deireadh Fómhair 2019

21/9/2019

 
Picture
Siúlóid: Woodend, Baile na Scológ, Cnoc an tSamhaidh, Baile na Tóna (Woodend, Ballynasculloge, Sorrel Hill, Ballynatona)
Cur síos: Siúlóid measartha éasca. Beidh an-chuid na siúlóide ar bhóithre feirme nó ar bhóithre coille.
Fad: 12 km,  Dreapadh: 400 m
 
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html 
nó
Tús na siúlóide: Woodend, 3 km ó Bhaile Coimín i dtreo Mhainéar Chill Bhríde: (Tagairt eangaí O 014 143 nó N53.1701, W6.4838 )
 
Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Gabh an N81 i dtreo Bhaile Coimín. Cas ar chlé ar an N749 i dtreo Mhainéar Chill Bhríde 6 km roimh Bhaile Coimín. (Tá comhartha bóthair ann.) Lean an bóthar sin 6 km agus sroichfidh tú an t-ionad páirceála i lána beag ar thaobh na láimhe clé.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
Aimsir: Chun tuar na haimsire a fhiosrú roimh an tsiúlóid lean an nasc seo do YR.NO.

​MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
 

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly