Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe  - Dé Domhnaigh, 5 Bealtaine 2019

15/4/2019

 
Picture
Siúlóid:  An Gleann Mór (The Devil’s Glen), Siúlóid Séamus Heaney 
Cur síos: Siúlóid measartha éasca ar chosáin agus ar bhóithre coille 
Tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna ach ní bheidh aon ghá le buataisí sléibhteoireachta – oirfidh bróga reatha .   
 Fad 10 km     Dreapadh   400m
  
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. Imeoimid ag 10.30 r.n.  go cruinn   http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
     nó 
Bealach isteach Choill an Ghleanna Mhóir  (T 237 973 nó N53.0126, W6.1588), 3.8 km thiar ó Áth na Fuinseoige (Ashford).
 Tosóimid ag siúl ag    11:45 r.n.
Críochnóimid idir 3:30 agus 4:00 i.n. 
 
Treoraí: Liam agus Nóra  
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn tríd an bosca "Comments" thíos, mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú. 

​Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Tóg bealach amach 15 ar an M11, agus téigh 2km ar an an R772 go hÁth na Fuinseoige. Ag an timpeallán i lár an tsráidbhaile cas ar dheis ar an R764. Tar éis 350m cas ar chlé ar an R763. Ansin sroichfidh tús na siúlóide tar 3.5 km ar an taobh deas. 
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

​MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly