Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Turas Siúil sa Spáinn 2025
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 4 Samhain 2018

24/10/2018

 
Picture
Siúlóid: Gleann dá Loch, An Loch Uachtair, Sráidbhaile na Mianadóirí, an Droichead Adhmaid, An Spinc, Poll an Easa,
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 huaire an chloig ag siúl.
    Fad na siúlóide - 12 km
    Dreapadh  - 400/500 m
 
Áit chruinnithe: IarCheanncheathrú  BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10:30 r.n. go cruinn. ( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós ag An Loch Uachtair i nGleann Dá Loch (tagairt eangaí : T 111 965 nó N53.0069 W6.3446).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí: Tadhg 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Má bheidh tú ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí An Láithreach, agus ar an R756 go Gleann dá Loch. Buailfimid le chéile sa charrchlós ag An Loch Uachtair (an dara carrchlós). Beidh costas 4 Euro ar an bpáirceáil.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

​MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly