Fad : 10 km, Dreapadh: 550 m
4.5 huaire an chloig ag siúl
Tús na siúlóide: 10:45 sa charrchlós ag Flagstaff Viewing Point, Contae Ard Mhacha
Tagairt Eangaí: Léarscáil uimhir 36, J 106 199 nó N54.1172 W6.3094).
NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn
Treoraí: Emer
Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn.
Nóta: Níl leithreas, bia ná deoch le fáil ag Flagstaff, ach tá Óstán Carrickdale in aice Acomhal 20 ar an M1/N1. Níl Ó Méith (Omeath) ach 5 km ó dheas ar an gcósta - áit a bhfuil caifé agus tábhairne.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an M1 go dtí Acomhal (bealach amach) 20. Lean an B113 ar dheis/Corr an Charnáin (Carrickcarnan)/L7092/ Gabh an chéad bhealach amach ar an R132, Tiomáin 650m ar an R132 agus cas fó dheis. Tar éis 1.6 km lean an Ferryhill Road ar chlé agus tar éis 2.2km eile beidh Flagstaff Viewpoint ar chlé.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós - https://goo.gl/maps/NwZ55Y2UAtBSXDgH8
Cur síos ar an tsiúlóid: Tosóimid ag siúl ó Flagstaff, soir go Fathom Forest, agus tríthi go Ferryhill Road. Ansin tosóimid ag dreapadh ar an teorainn go Sliabh Chorr na Muclach (422m). Má bhíonn an lá go breá beidh radharcanna 360 ó thuaidh ar Abhainn an Rí (Newry River), soir ó thuaidh ar Na Beanna Boirche, soir go Loch Carlinn, ó dheas go Cuan Dhún Dealgan agus Reachrainn. Leanfaimid ar aghaidh go Sliabh Clermont (444m) agus ansin trasna seansconsa go Tuaisceart na hÉireann. Tiocfaimid anuas thar talamh míchothram garbh, go Foraois Chluainte Gabhra and trasna páirceanna deasa go carn cúirte Chluainte Gabhra agus ar ais ar Ferryhill Road go carrchlós Flagstaff.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html