Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 30 Eanáir 2022 - Maoilín

9/1/2022

 
Picture
Nóta: Tosóidh an tsiúlóid ag 11:00 r.n.
Siúlóid mheánach
Siúlóid: Tigh an Tearmainn, Droichead an Chláraigh, Maoilín
Fad: 15 km -  Dreapadh: 650 m
Mairfidh an tsiúlóid  4.5 huaire an chloig
Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag Trooperstown Forest recreation area. (Tagairt eangaí – T 157 968 nó N53.01118, W6.27423).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Críochnóimid idir 3.30 agus 4:00 i.n.
 
Treoraí: Deaglán 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg. Cas ar dheis ar an R755 go dtí An Tóchar agus Áth na mBó.
Cas ar clé 2.7 km tar éis Áth na mBó (nó 2 km roimh an Láithreach) ag Trooperstown Wood Lodge. Tá an carrchlós 450 m síos an bóthairín sin ar chlé.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
-------
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
 
Nóta: Ní mór dúinn cloí le treoirlínte COVID-19 chun fanacht sábháilte


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly