Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 29 Eanáir 2023 - Gleann na Smól

21/1/2023

 
Picture
Beidh 2 shiúlóid againn
Siúlóid Mheánach: Gleann na Smól, Cipiúr, Suí Fionnagáin
Fad: 15 km, Dreapadh: 700 m
4 – 4.5 uair an chloig ag siúl.
Treoraí: Deaglán
----------------------------------------------
Siúlóid Éasca: Gleann na Smól, bun Chipiúr
Fad: 8 - 10 km, Dreapadh: 400 m
3 – 3.5 uair an chloig ag siúl
Treoraí: Seán 
----------------------------------------------
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 10:00 r.n. go cruinn.(http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó

Tús na siúlóide: 10:45 ag carrchlós príobháideach ag barr Thaiscumar Bhóthar na Bruíne, (Tagairt Eangaí: O 10480 20706 nó N53.2255, W6.3465)
NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn
 
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.

​Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó chathair Bhaile Átha Cliath :- Gabh 6km ar an R114 (Ascaill Ghort an Ime  - Butterfield Avenue ó Chaisleán Ráth Fearnáin) go Teach na Giúise (Firhouse) agus An Seanbhábhún (Old Bawn) agus lean díreach ar aghaidh. 550 m tar éis an Old Mill Tavern sa Seanbhábhún cas ar chlé ar Bhóthar Bhóthar na Bruíne. Lean an bóthar sin isteach sa Ghleann agus cas ar dheis tar éis 6 km. Sroichfidh tú an carrchlós ar thaobh na láimhe clé tar éis 500 m eile.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.


Tá uimhir ghutháin ag an gcarrchlós – 086 882 8415, agus costas €5 ar an bpáirceáil.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly