Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 11 Lúnasa 2019

3/8/2019

 
Picture
Siúlóid: Óstán Ghleann Molúra, Slí Chualann go Bearna Dhroim Mhic Eochadha (Drumgoff), Cruachán Mhaigh Rath (Croaghanmoira), Sliabh Fhán an Iarainn agus an tÓstán.
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 huaire an chloig ag siúl. 
Fad : 14 – 15 km, Dreapadh: 600 m
 
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL - Treoracha
Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: An carrchlós ag Óstán Ghleann Molúra (tagairt eangaí: T 107 908, nó N52.9576, W6.3538)
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí: Breandán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra cas ar chlé agus beidh an t-óstán díreach os do chomhair.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
​

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly